Dáil debates

Tuesday, 8 November 2011

Access to Central Treasury Funds (Commission for Energy Regulation) Bill 2011 [Seanad] : Second Stage

 

6:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Tá mé sásta freagra a thabhairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí as ucht a gcuid tuairimí a nochtú agus cuidiú a thabhairt don Bhille seo go bunúsach. Má tá fadhbanna faoi leith ag baint leis - luaigh siad fadhbanna áirithe - is féidir linn smaoineamh níos mó a dhéanamh orthu ar an chéad Chéim eile. Tá súil agam nach fada go mbeidh an díospóireacht sin againn. Tá sé mar chomhaidhm ag gach éinne go mbeidh rudaí níos sláintiúla agus nach mbeidh aon difríocht ann ó thaobh an airgid atá ag teastáil. Ba chóir go mbeadh an choimisiún in ann dul chuig an NTMA chun an airgead sin a fháil. Tá mé an-sásta go bhfuil na Teachtaí ag cabhrú linn an dlí á athrú chun é sin a chur chun cinn. Caithfidh mé buíochas a ghabháil leis an dá Teachta a labhair anocht. Má theastaíonn uainn aon tuairimí eile a nochtú ar Chéim an Choiste, beimid in ann é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.