Dáil debates

Tuesday, 25 October 2011

3:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Sin an fáth go bhfuil ar mhuintir agus ar cheannairí an eurozone cinnidh a dhéanamh faoi seo. Sin an fáth go bhfuil na díospóireachtaí ar siúil faoi láthair. Ní hionann sinn agus an Ghréig agus níl ár muintir cosúil le muintir na Gréige ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de. Is é atá i gceist ag an Rialtas agus ag an Roinn Airgeadais ná déileáil le costas na híocaíochta atá ar mhuintir na hÉireann a laghdú. Táimid ag déileáil lenár gcomhleacaithe ar thrí nó cheithre phointe.

Níor thagair an Teachta Adams nó an Teachta Martin do phostanna, do infheistíocht nó do jabannaí chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.