Dáil debates

Tuesday, 25 October 2011

3:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Thug mé freagra don Teachta Adams ar an gceist seo go minic le cúpla seachtain anuas. Tá a fhios againn gur thug an Rialtas roimhe an t-airgead seo do Anglo Irish Bank chun na sealbhóirí a íoc. Is é atá ar siúil anois ná díospóireacht idir an Roinn Airgeadais agus an Rialtas ar thaobh amháin agus ár gcomhleacaithe san Eoraip ar an taobh eile faoi chostas na híocaíochta atá ar dhroimh mhuintir na hÉireann.

Ní hionann muidne agus an Ghréig. Níl an dá thír cosúil lena chéile ar chor ar bith. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil sé socraithe faoi láthair go mbeidh ar mhuintir na Gréige déileáil leis an bpróiseas seo le deich mbliana as seo amach agus go mbeidh sé an-dian agus an-chrua orthu. Tá a fhios aige freisin go mbeidh an cóimheas idir an t-easnamh rialtais agus an olltáirgeacht intíre sa Ghréig ag seasamh ag 162% ag deireadh 2011 agus go n-éireoidh sé go dtí 187% ag deireadh 2013. Ní féidir leis an tír déileáil le sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.