Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar a dúirt mé, táimid ag tabhairt gach tacaíocht don údarás. Leis an straitéis 20 bliain agus an cinneadh a rinne an Rialtas ar an 31 Bealtaine 2010, dúradh sa ráiteas ón Rialtas an lá sin go mbeadh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeadh cúraimí fiontraíochta ar an údarás. Sílim gur céim mhór ar aghaidh í sin. Ar ndóigh, caithfidh an t-údarás gníomhú taobh istigh de na laincisí agus na teorainneacha airgid atá air. Mar a dúirt mé, don bhliain seo, cuireadh €6 mhilliúin ar fáil sa deontas caipitil agus d'éirigh leis €7 milliúin a fháil trí acmhainní a dhíol agus cíos a fháil isteach agus mar sin de. Tá fostaíocht ag cur isteach ar an tír go léir. Ach sin ráite, sílim go bhfuil an-obair á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta leis an méid poist a chruthaigh sé sa Ghaeltacht - tá breis agus 7,000 ann faoi láthair. Ón méid atá feicthe agam na cuairteanna a thug mé ar an údarás agus chuig na Gaeltachtaí ar fud na tíre, is tuar dóchais dom é go bhfuil an t-údarás fós ag cruthú postanna sa Ghaeltacht, cé go bhfuil muid ag cailleadh postanna i ngach ceantar eile sa tír. Tá an t-údarás ag cruthú fostaíochta go fóill. Aontódh an Teachta liom go dtaispeánann sin an taithí, an saineolas agus an díograchas atá san údarás, ní amháin i measc bhaill an bhoird ach i measc na feidhmeannaigh sinsearacha atá amuigh ar fud an domhain ag lorg tionscal do na Gaeltachtaí. Tá géarchéim ann agus tá mé ag súil go leanfaidh an t-údarás á dhéanamh sin ins na blianta amach romhainn. Tá dúshláin ann ach tá súil as Dé agam agus tá mé dóchasach go mbeidh an t-údarás ábalta iad a chloí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.