Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 48, 52, 303, 304 agus 312 le chéile.

As an soláthar iomlán de €19.6 milliúin atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2011, tá €6 milliúin curtha ar fáil mar bhuiséad caipitil. Chomh maith leis an tsuim seo, tuigim ón údarás go bhfuil tuairim is €7 milliúin ar fáil dó ó fhoinsí eile, ar a n-áirítear díol sócmhainní agus aisíocaíochtaí deontas. San iomlán mar sin, tá buiséad caipitil de thuairim is €13 milliúin ag an eagraíocht i mbliana chun tacú le cruthú agus le caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Is tréimhse dhúshlánach í seo do gheilleagar na tíre i gcoitinne agus tá cúinsí deacra eacnamaíocha le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta dá réir. Tá straitéis fostaíochta Údarás na Gaeltachta dírithe den chuid is mó ar earnálacha seirbhíse agus déantúsaíochta nua-aimseartha, ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, leis an ngeilleagar sóisialta agus leis an turasóireacht chultúrtha.

Ag deireadh na bliana 2010, bhí 7,074 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis. Cé gur laghdú é sin ar na blianta roimhe sin, is tuar dóchais é gur cruthaíodh 704 post nua in 2010 i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis. Taispeánann figiúirí fostaíochta an údaráis gur éirigh go maith lena chliantchomhlachtaí atá ag plé le heaspórtáil, i gcomhréir leis an treocht náisiúnta.

Chomh maith leis na cláir thacaíochta atá ag an údarás féin, rachaidh gnéithe den tionscnamh post a d'fhógair an Rialtas i mbliana chun leasa a chuid gníomhaíochtaí. San áireamh anseo, tá an laghdú ar an ráta CBL, VAT, i leith seirbhísí san earnáil turasóireachta; an laghdú ar an ráta ÁSPC, PRSI, d'fhostóirí i leith post a íocann suas go €356 in aghaidh na seachtaine; an tionscnamh chun soláthar creidmheasa don earnáil fiontraíochta a éascú; agus rochtain níos fearr ar dheiseanna soláthair a fhorbairt chun tacú le cuideachtaí.

Tá faisnéis maidir le fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta éagsúla le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta, www.udaras.ie, agus i dtuarascálacha bliantúla agus cuntais bhliantúla Údarás na Gaeltachta a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain. Beidh tuarascáil bhliantúil agus cuntais an údaráis don bhliain 2010 á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais go han-luath. Nuair a ceapadh mar Aire Stáit mé i mí an Mhárta 2011, chuir mé romham mar sprioc cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla chun léargas a fháil ar an méid atá ar siúl ag an údarás chun fostaíocht a chruthú iontu. Is féidir liom a dhearbhú go bhfuil mórchuid na gceantar sin feicthe agam anois. Thapaigh mé an deis freisin freastal ar chruinniú le bord an údaráis i gContae Dhún na nGall ar 3 Meitheamh 2011 chun cinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a phlé le baill an bhoird. Chomh maith leis sin, bhí cruinniú ag an Aire, An Teachta Jimmy Deenihan, agus agam féin le cathaoirleach an bhoird agus le bainistíocht shinsearach an údaráis ar 29 Meán Fómhair 2011 chun straitéis an údaráis don todhchaí a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.