Dáil debates
Tuesday, 18 October 2011
Cruthú Fostaíochta
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá sé ar intinn agam bualadh leis an údarás arís. Bhuail mé féin agus an t-Aire, tá mí ó shin, leis an údarás nuair a bhíomar i nGaillimh. Bhuaileamar leis na príomh-fheidhmeannaigh, leis an gcathaoirleach agus leis na feidhmeannaigh sinsearacha. Tá teagmháil rialta againn leis an údarás. Tá an t-Aire ag tabhairt lán-tacaíocht do iarrachtaí an údaráis ar fud na gaeltachta, mar atá mé féin a dhéanamh.
Maidir leis na comhairlí contaethe, de ghnáth bíonn cruinnithe againn anois agus arís leo. Níl aon rud socraithe go formáilte ag an bpointe seo ach níl bhéadh aon deacracht agam-sa, mar Aire Stáit, bualadh le comhairleoirí contaethe a bhfuil ceantair gaeltachta ina gceantair. Beidh mé ag bualadh le comhairleoirí ag Contae na Gaillimhe taobh istigh de chupla lá chun ceist achrannach ansin a phlé. Ar ndóigh, bheimís ábalta an rud céanna a dhéanamh le haon chomhairleoir contae eile a chuirfeadh iarratas isteach, chomh fada agus is féidir linn.
No comments