Dáil debates
Wednesday, 12 October 2011
Oibreacha Athchóirithe Scoileanna
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Mar is eol don Aire Stáit, bhí muid ag caint faoin gceist seo ar 28 Meitheamh. Tá mé ar ais arís anois agus níl aon athrú ar an scéal. Bhí an Teachta romham ag caint ar oideachas triú leibhéal ach is í fírinne an scéil ná an rud a shocraíonn cé chomh maith a dhéanann scoláirí ná an t-oideachas bunleibhéal. Tá na saineolaithe ar fad ar aon tuairim, má éiríonn le daoine oideachas maith bunleibhéal a fháil, éireoidh leo sa dara leibhéal agus sa triú leibhéal freisin. Mar sin, creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndíreoidh muid ar leibhéal na bunscoile.
Ní gá domsa dul siar ar scéal scoil an Bhaile Nua. Is scoil Gaeltachta í a bhí i gceist í a dhúnadh, ach níor dúnadh í. Tá ceithre oide sa scoil. Fuair an scoil deontas ón Rialtas deiridh le cuí a chur ar an scoil, ach tá seomra ilúsaidte ag teastáil. Dúirt an tAire Stáit liom anocht nach raibh an t-airgead ann leis an seomra a thógáil. Tá roinnt obreacha breise ag teastáil chomh maith - go hiomlán €790 le gach uile rud a bheadh le déanamh sa scoil. Cheana fein, tá an obair tosaithe ar an méid a bhí ceadaithe. Rinne mé scrúdú ar chaiteachas na Roinne, agus mar a tharlaíonn chuile bliain - ní eisceacht ar bith an bhliain seo - níl caiteachas na Roinne ag teacht i gcomhréir leis an méid airgid a bhí ar fáil. Tar éis 75% den bhliain a bheith caite, níl ach 71% den airgead caite ag an Roinn fós. Agus mar a tharla anuraidh, ag deireadh na bliana tabharfaidh an Roinn €16 mhilliún ar ais don Státchiste. Fós, táthar a rá nach féidir cúpla céad míle euro a thabhairt do scoil atá i mbun oibre i láthair na huaire agus a bhféadfadh an obair seo a dhéanamn roimh deireadh na bliana - jab ceart críochnúil - agus leis an seomra ilúsáidte agus na seomraí eile atá ag teastáil a chur ar fáil.
Mar a dúirt mé, tá an scoil seo i gceantar atá ag fás. Is ceantar é Maigh Chuilinn nach bhfuil ach deich míle nó 12 míle ó Ghaillimh. Tá daonra an-láidir sa cheantar agus tá fás air agus is scoil Gaeltachta atá inti. Is creidiúint í do phobal na háite agus do na múinteoirí sa scoil go bhfuil an stadás Gaeltachta coinnithe, ainneoin an méid brú daonra atá ar an cheantar.
Táim ag iarraidh ar Aire Stáit dhá rud a dhéanamh. Má dhéanann sé an chéad rud, ní gá dó an dara rud a dhéanamh. An céad rud atá mé ag iarraidh air a dhéanamh ná an t-airgead a cheadú. Tá an t-airgead ag an Roinn. Níl an Roinn ag caitheamh an méid airgid atá curtha ar fáil i soláthar na Roinne. Fuair mé freagra ar cheist pharlaiminte an tseachtain seo caite a dheireann nach bhfuil ag éirí leis an Roinn an t-airgead a chaitheamh. Tá an t-airgead ag an Roinn. In ainm Dé, ná tabhair ar ais don Roinn Airgeadais aon airgead, fiú tada é. Breathnaigh ag an am seo den bhliain ar na tograí beaga a bhféadfaí a dhéanamh go tapaidh - go bhfuil cead pleanála ann lena n-aghaidh agus a bhféadfaí a dhéanamh láithreach agus ceadaigh iad in ionad an t-airgead a thabhairt ar ais don Roinn Airgeadais.
An dara rud atá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit a dhéanamh - má cheadaíonn sé an t-airgead, ní gá é a dhéanamh - ná cuairt a thabhairt ar an scoil. Thug mé cuireadh dó cheana cuairt a thabhairt ar an scoil. Nuair a fheicfidh sé láthair na scoile agus an obair atá ag teastáil agus na seomraí ranga atá sa scoil cheana féin, tá mé cinnte go n-aontóidh sé láithreach go mba ceart an t-airgead breise seo a chur ar fáil. Déanfar an obair láithreach agus cuirfear na billí isteach. Má cheadaíonn an tAire Stáit an obair seo tráthnóna inniu, rachaidh mé caol díreach ar ais chuig bord bainistíochta na scoile agus déarfaidh mé leo go bhfuil sé fíor-phráinneach go mbeidh an obair seo réitithe agus na billí istigh roimh an Nollaig le gur féidir leis an tAire Stáit an t-airgead a íoc amach as an farasbarr airgid atá fágtha ag an Roinn i láthair na huaire sa gciste.
No comments