Dáil debates

Friday, 7 October 2011

Industrial Relations (Amendment) (No. 2) Bill 2011: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Is onóir dom é an Bhille seo a thabhairt os comhair an Oireachtais don dara léamh inniu. Ba mhaith liom ar dtús cúlra a thabhairt i dtaobh an ábhar iontach seo. Thug na JLCs cosaint do 200,000 daoine sa tír seo agus dá mhuintir. Daoine iad seo atá ag braith ar thuarastal an-íseal. Roimh chinniúint na hÁrd Cúirte, rinne an tAire Fiontar, an Teachta Richard Bruton, agus Fine Gael iarracht na JLCs a scrios agus tuarastal na ndaoine sin a ísliú. Tar éis cinniúint na hÁrd Cúirte, tháinig eagla uafásach ar mhuintir na JLCs go n-ísleodh an chinniúint sin a dtuarastal níos mó fós. Ní fhaigheann an gnáth oibrí ach thart ar €18,000 sa bhliain, ach cuirfeadh an t-athrú seo ar a dtuarastal na mílte daoine i dtreo an bhochtanais.

Chomh maith le sin, de réir tuairisc Duffy-Walsh, ní chruthódh an cinneadh aon jab sa mbreis ar chor ar bith. Roimh bhriseadh an tsamhraidh, d'iarr Sinn Féin ar Fhine Gael agus ar Pháirtí an Lucht Oibre reachtaíocht a thabhairt os comhair na Dála gan mhoill chun go mbeadh cinnteacht ag daoine nach rachadh rudaí in olcas. Shéan siad an rud sin a dhéanamh. Mar sin, bhí ar Shinn Féin tacaíocht a thabhairt do mhuintir na JLCs agus láinseáil muid an Bille seo chun go mbeidh cosaint láidir ann dóibh.

Anois, tá an liathróid i gcúirt Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.