Dáil debates
Thursday, 6 October 2011
Order of Business
11:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Ba mhaith liom ceist a chur faoi dhá Bhille atá ar an liosta, uimhir 59 agus uimhir 60. Ní raibh toghchán d'Údarás na Gaeltachta ann le roinnt blianta anuas, cuireadh ar athlóé. Tá cruachás teanga sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne agus chomh maith le sin tá fadhb mhór fostaíochta sna ceantair sin. Cathain a bheidh Bille Gaeltachta os ár gcomhair? Tá géarghá le sin de bharr an cruachás seo.
An Bille eile atá i gceist ná an leasú ar an Bille Coimisiún Thithe an Oireachtais, maidir leis an seirbhís aistriúcháin atá ag an Stát. Cén uair a bheidh an Bille sin os ár gcomhair? Go bhfios dom, is Bille bunúsach é agus ní gá go mbeadh mórán moille air. An bhfeicfimid é an tréimhse seo nó sar i bhfad?
No comments