Dáil debates
Tuesday, 4 October 2011
Closure of Army Barracks: Motion
7:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an rún seo. San achar gairid go raibh mise mar Aire Cosanta, cuireadh ar mo shúile dom, ní ag an Arm féin ná ag an Roinn ach ag daoine atá san Arm, go raibh i gceist laghdú mór millteanach a dhéanamh ar líon na saighdiúrí atá lonnaithe i nDun Uí Mhaolíosa i nGaillimh. Tá an Chéad Chath lonnaithe ansin agus b'iad Cumann na nGael a chuir an Chéad Chath ar bun. Go bhfios domsa bhí baint ag Eoin Mac Néill le bunú an Chéad Chath. Bhí scéal ag dul thart go raibh laghdú mór le déanamh ar an gCéad Chath agus go bhfágfaí Arm na hÉireann gan cathlán lán ghaelach. Ag an am, chuir mé go mór in aghaidh sin. Thug mé treoir don Arm, le tacaíocht iomlán an Rialtais, nach ndéanfaí aon laghdú suntasach ar an gCéad Chath, atá lonnaithe ar an Rinn Mhór i nGaillimh, an bheairic is giorra do Ghaeltacht ar bith sa tír.
Tógadh an cinneadh sin agus cuireadh in iúl é don Aire. Ina dhiaidh sin, ar 28 Meitheamh 2011, chuir mé ceist ar an Aire Cosanta, an Teachta Alan Shatter, an raibh an cinneadh sin fós ag seasamh. Dúirt an t-Aire nach raibh, go raibh sé tar éis tarraingt siar as cinneadh an Rialtais, nár sheas cinneadh an Rialtais níos mó go ndéanfaí cosaint ar an gCéad Chathlán Ghaelach san Arm.
Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire anocht céard atá i gceist aige a dhéanamh. An bhfuil i gceist aige scrios a dhéanamh ar an gCéad Chathlann Ghaelach agus an bhfuil i gceist aige athrú bunúsach a dhéanamh ar an stádas a bhaineann leis an mbeairic ar an Rinn Mhór i nGaillimh?
Má tharlaíonn sé sin deir sé go leor faoi luachanna an Rialtais agus faoin dearcadh atá aige faoin Arm Éireannach. Nach gceapann an Rialtas go mb'fhiú go mbunófaí, ar a laghad, cathlán amháin a bhéadh bunaithe ar maithe le deis a thabhairt do shaighdiúirí ón nGaeltacht agus do dhaoine eile a bhfuil Gaeilge acu a bheith ina saighdiúirí Éireannacha agus an teanga Gaeilge a úsáid gach uile lá?
I support the motion brought forward by my colleague, Deputy Calleary. I am very concerned about the rumours circulating. It appears to have become a habit of the Government to fly plenty of kites at the same time. Now that this kite has been flown, we hope the Government will listen to the very strong pleas not only from us but also from Government colleagues on the issue of barracks closures. We can agree that the Minister of State, Deputy Willie Penrose, has put the matter very well in the various statements he has issued. He has made it absolutely clear that he believes it would be wrong to close the barracks in Mullingar. He said the closure of Columb Barracks would be "crass stupidity" and "economic lunacy". He also said: "I have no intention of supporting stupid decisions." I am sure the Minister would hate to see a Minister of State go overboard and that he will listen carefully to what he has to say about barracks closures. The Minister of State said: "I cannot believe that a sovereign government would ever contemplate closing such a major and integral part of the Defence Forces' facilities." He also pointed out, in support of what Deputy Calleary said, that, "From an economic perspective it is foolhardy to contemplate closing Columb Barracks. Apart from being unable to dispose of it in the current climate, all personnel would have to be paid disturbance money. No money will be saved, therefore." That is what he said in 2009 and I am sure the Minister will listen carefully to his colleague who sits at the Cabinet table and realise that he was right in his statements about this barracks and that no money would be saved.
There is no comparison between the closure of barracks now and what happened under previous Governments when the considerable amount of money received from the sale of barracks was used to re-arm the Army and provide it with badly needed equipment and better conditions. There comes a point when one has done enough closing and we believe that point has been reached. The Minister believed that point had been reached when he was in opposition also. We believe the number of barracks is at the optimum level. It gives a geographic spread throughout the country which is convenient for both the Reserve Defence Force and the deployment of the Army, if necessary, be it for a weather-related or other emergency. Its services are available.
It is time the Minister told us the truth and outlined exactly what the Government will do on this issue. It is important to remember that he is in absolute control and that in his role as Minister for Defence, he cannot hide behind the argument that operational matters are beyond his control, because absolute responsibility rests with him. The day-to-day command of the Defence Forces rests with the Minister for Defence. I have no doubt the Minister, no more than I when I came into the Department, was briefed that there is no equivalence between being Minister for Justice and Equality and Minister for Defence and, therefore, this is his direct responsibility and he will be answerable to this House for the decisions he and the Government may take.
Tá go leor le plé againn agus le hoibriú amach. Rud amháin atá ag teastáil ná Fórsaí Cosanta atá scaipthe ar fud na tíre, atá ag freastal ar an bpobal agus atá mar chuid den phobal. Níl aon amhras faoi ach gur fhulaing cuid des na bailte atá i gceist anseo go leor de bharr an ghéarchéim eacnamaíochta. Má dúnfar na beairicí ar fud na tíre, mar shampla an bheairic i gCluain Meala, a bhfuil caint ar iad a laghdú go mór, níl aon amhras faoi ach go ndéanfaidh sé an-dochar do eacnamaíocht na mbailtí sin, bailte nach bhfuil ag tarraingt tionscail nua isteach iontu i láthair na huaire.
Céard a bhéas againn dá bharr? Glacaim leis nach bhfuil i gceist ag an Rialtas aon laghdú mór a dhéanamh ar líon na saighdiúirí san Arm. Mar sin, níl aon sábháilt le déanamh ar an mbealach sin. Níl mórán costais ag baint - €17 milliún - le ríocht na mbeairicí i rith na bliana. Mar sin, níl aon sábháilt ansin. Cá bhfuil an sábhailt nó an buntáiste? Beidh costas ag baint leis. Breathnaigh an scrios a déanfar ar na bailtí éagsúla sa gCabhán, i gCluain Meala, ar an Muileann Cearr agus ins na bailtí éagsúla ar fud na tíre más rud é go ndúnfar na bearicí seo. Breathnaigh an scrios a déanfar ar theaghlaigh a mbeidh orthu dul agus cónaí in áiteacha eile. Mar mhalairt air sin beidh ar na saighdiúirí go leor taistil a dhéanamh. Cén tairbhe a bhéas ann? An bhfuil aon daonnacht ag baint leis na cinnithe atá an Rialtas ag dul a dhéanamh? An dtógann an Rialtas san áireamh na ceisteanna sin, na hathraithe scoileanna a bhéadh i gceist do ghasúir agus an dochar a dhéanfadh sé sin?
Bhí gá le hathraithe san Arm, mar laghdaigh an t-Arm ó 18,000 duine síos go thart ar 10,000 duine. Anois, tá daoine ag éirí as an Arm go luath, ní hé go bhfuil siad á gcur amach as. Ag tógáil sin san áireamh, cén mhaith nó cén buntáiste a bhéas ann má áthraítear daoine ó áit go háit? Tá mé cinnte go gcuirfear argóintí breátha ar aghaidh go mba cheart comhdhlúthú a dhéanamh agus go bhfuil daoine ann a chreideann go mba cheart go mbéadh an t-Arm i mbunáit nó dhó ar fud na tíre. Creidim féin nach mbéadh sé sin go maith, go mbainfeadh sé an ceangal a bhí ann ariamh le pobail áirid agus an t-Arm agus go gcuirfeadh sé ó mhaith é. Feicimid ar fad an chaoi go dtéann daoine isteach san Arm sa cheantar ar as iad. Daoine ó Mhuigheo agus Gaillimh atá ins na beairicí sa taobh sin tíre. Daoine ó lár tíre atá lonnaithe in Áth Luain. Daoine ó lár tíre thoir atá lonnaithe ar an Muileann Cearr. Tá baint ag teaghlaigh, ag dul i bhfad siar, leis an Arm. Tá sean-aithreacha, aithreacha, máithreacha agus iníonacha istigh san Arm anois, agus ceangal idir na pobail agus an t-Arm. Is rud sláintiúil é sin. Le ró-fhada níor mhothaigh go leor den phobal go raibh aon cheangal acu leis an Arm a bhí i láthair sa tír. Nuair a fuair muid ár saoirse rud amháin ar éirigh linn a dhéanamh ná ceangal breá a bhunú idir ghnáth phobail na tíre agus an t-Arm. Más rud é go mbainfear an t-Arm amach as na pobail agus larnú a dhéanamh air i gcupla bunáit ar fud na tíre - is cuma cén chomhairle a gcuirfear ar an Rialtas - is é an toradh a bhéas air sin ná go mbrisfear an ceangal dlúth atá idir na pobail agus an t-Arm mar atá sé leagtha amach i láthair na huaire. Ocht mbunáit déag atá ag an Arm i láthair na huaire. Úsáideann Cúltaca an Airm cuid des na bunáiteanna sin. Níl údar ar bith nach bhfágfaí na beairicí mar atá siad agus nach bhfágfaí na saighdiúirí mar atá siad ins na beairicí ar fud na tíre.
Ta súil agam gur tháinig an t-Aire isteach sa Dáil anocht, ní le dul ag súgradh leis an bhfón ach chun eisteacht linn. Tá súil agam go bhfuil sé ag éisteacht linn, go bhfuil sé ag tógáil dáiríre an méid atá le rá againn agus, le cúnamh Dé, nach raibh anseo ach scéal scéil. Más fíor é sin agus más rud é go bhfágann an t-Aire na beairicí ar fad ar oscailt ní bheidh éinne níos sásta ná mé féin. Muna ndéanann sé athrú nó laghdú suntasach ar líon na saighdiúirí ins na beairicí éagsúla ní bheidh éinne níos sásta ná mé féin.
Tá sé faoin Aire anois déanamh cinnte, is cuma cén moladh a cuirfear faoina bhráid, go mbreathnóidh sé do leas na tíre, leas an phobail agus leas na bpobal ina bhfuil na beairicí suite. Tá súil agam nach nglacfaidh sé díreach le plean a cuirfear ós a chomhair agus nach ndéarfaidh sé go gcaithfidh sé glacadh leis an bplean os rud é gur cuireadh faoina bhráid é. Is é an t-Aire, ag deireadh an lae. Is é atá i gceannas agus freagrach. Tá daoine ann le comhairle a chur air agus le moltaí a chur faoina bhráid. Tá cuid acu sa Stát Seirbhís agus cuid eile san Arm, ach níl an fhreagracht orthu na cinní a dhéanamh. Is faoin Aire agus ag an Rialtas amháin atá sé na cinní a dhéanamh. Tá an t-Aire in ann na cinní cearta nó na cinní míchearta a dhéanamh. Fágaimid sin faoi. Bíodh sé cinnte de rud amháin. Má's é an cinne mícheart a dhéanann an Rialtas beidh go leor le rá ag gnáth phobal na tíre faoi na geallúintí a tugadh agus iad sa bhFreasúra maidir le beairicí Airm.
No comments