Dáil debates

Wednesday, 14 September 2011

 

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire ach, in ndáiríre, níor fhreagair sé na buncheisteanna. An chéad cheist, muna n-éiríonn le MFG ord a chur a a chuid gnóithe céard iad na socruithe eile atá i gceist a dhéanamh leis na seirbhísi a chur ar fáil don phobal, is é sin, seirbhísí chomhlucht Leader agus LCDP, an local community and development programme? Ar ndóigh tá an comhlucht neamhspleách. Ach muna bhfeidhmíonn sé de réir critéir na Roinne níl sé neamhspleách, mar tá an Roinn ag tabhairt a gcuid airgid. Mar sin, muna bhfuil sé ag feidhmiú cad iad na malairt socruithe atá i gceist a dhéanamh le déanamh cinnte go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil do phobal na Gaeltachta? Bhí dóthain ama agus dóthain fógra go raibh an fhadhb seo ann.

An dara rud, an bhféadfadh an t-Aire a dheimhniú dom go raibh an dliteanas ar fad a tharraing an trioblóid seo ag dul don Stáit? I gcás amháin, tá ordú Ard Chúirte go gcaithfear duine áirithe a íoc agus ní raibh aon rogha ag an Stáit ach aisíoch a dhéanamh ag MFG i dtaobh an duine sin. De bhreis ar sin, de réir mar a thuigim is dliteanas de thart ar €100,000 é, de réir tuairiscí. An bhféadfadh an t-Aire a dheimhniú gurb shin an dliteanas atá i gceist? Cuireann sé iontas orm nach rabhthas in ann teacht ar shocrú leis an gcomhlucht maidir leis an €100,000 sin agus déanamh cinnte go leanfadh an comhlucht ag déanamh na hoibre a raibh sé ceapaithe a dhéanamh ar son phobal na Gaeltachta.

Níor thug an t-Aire aon fhreagra céard atá i gceist a dhéanamh. Ta pobal na Gaeltachta gan na seirbhísí seo. Cén uair ar féidir linn a bheith ag súil go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil do ghnáth mhuintir na Gaeltachta atá ag braith ar na seirbhísí seo agus atá ag fanacht ar chúnamh airgid nach bhfuil ar fáil anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.