Dáil debates

Wednesday, 14 September 2011

 

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Aire Stáit, d'éirigh MFG as trádáil gan choinne an tseachtain seo caite. Bhí iniúchadh a chur mé féin ar bun á dhéanamh ar gnóthaí MFG. Bhí an tuarascáil sin réidh roimh an Aire nuair a tháinig sé isteach sa Roinn. Ba mhaith liom i dtosach báire ceist a chur ar an Aire Stáit faoin eolas a bhí ag an Aire maidir leis na fadhbanna a bhí in MFG agus, go deimhin, na céimeanna a bhí á ghlacadh ag an Roinn agus ag an Aire chun déileáil leis na fadhbanna sin, a bhí ar eolas acu. Is dóigh liom nach dtuigeann an Aire an caillteanas mór atá i gceist sa chinneadh a rinneadh an tseachtain seo caite, ó thaobh cailliúnt seirbhísí agus postanna de.

Tá práinn le réiteach a fháil ar na fadhbanna seo. Creidim gurb é an bealach is fearr ar aghaidh ná teacht ar réiteach eatramhach ar na fadhbanna. Tógadh an cinneadh Dé Céadaoin seo caite agus bhí cruinniú Dé hAoine seo caite idir an Roinn, Pobal agus MFG. De réir mar a thuigim é, ní raibh an tAire i láthair - níor b'fhiú don Aire bheith i láthair nuair a bhí an cheist fíor-thábhachtach seo don Ghaeltacht á phlé. Ba mhaith liom míniú a fháil ón Aire, a bhfuil freagracht air i dtaobh na ceiste seo, cén fáth nach raibh sé i láthair ag an gcruinniú sin. Ba mhaith liom eolas a fháil ar céard atá á dhéanamh, nó céard atá beartaithe le déanamh, chun déileáil leis an gceist seo anois, agus cad atá i gceist a dhéanamh chun na seirbhísí seo a chur ar fáil arís agus poist a chaomhnú.

Tá sé thar a bheith tábhachtach, in aon socrú nua a dhéanfar, go gcuirfear na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Bunaíodh Meitheal Forbartha na Gaeltachta chun déanamh cinnte go mbeidh seirbhísí ar fáil do Ghaeilgeoirí na Gaeltachta ina dteanga fhéin. Ní bheadh sé sásúil dom, nó do phobal na Gaeltachta, dá smaoineófaí ar na seirbhísí sin a chur ar fáil in aon teanga eile. Ba mhaith liom a dheimhniú go bhfuil sé i gceist ag an Aire casadh le bórd iomlán MFG. Cén uair atá sé i gceist aige casadh leo? Cad iad na socruithe atá i gceist a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh na cláracha Leader agus LCDP, agus na cláracha eile a bhí á reachtáil ag MFG, ar fáil do phobal na Gaeltachta amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.