Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

Environment (Miscellaneous Provisions) Bill 2011: Instruction to Committee

 

2:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Le cead an Tí, ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Catherine Murphy.

Fáiltím go mór roimh socrú na conspóide maidir leis an ainm caoi ar Dhaingean Uí Chúis. Caithfidh mé a rá gur chuir an chonspóid áirithe iontas orm ón tús. Bhí sé amaideach ón chéad lá aon athrú a dhéanamh ins an slí ina hainmníodh Daingean Uí Chúis. Ariamh ó mo chuimhne féin bhí an t-ainm Béarla agus an t-ainm Gaoluinne áúsáid againn i gCorcha Dhuibhne. Glaomísne Dingle agus Daingean Uí Chúis ar an mbaile agus ní raibh fadhb ar bith faoi sin. Ar na comharthaí bóthair mórthimpeall an cheantair, bhí an Béarla agus an Ghaoluinn luaite. Ar ndóigh, nuair a hathraíodh an dlí agus an Daingean amháin a chur isteach, níor chuir sé ionadh ar bith orm go raibh trioblóid faoi.

Is baile turasóireachta Daingean Uí Chúis. Mar is eol dúinn, tagann cuairteoiríó chian is ó chóngar de bharr áilleacht na háite. Cuimhnímis go seasann Daingean Uí Chúis mar gheata go dtí iarthar Chorcha Dhuibhne, go dtí an Ghaeltacht féin, go dtí an chósta agus na cnoic agus go dtí an áilleacht ins an nGaeltacht. Tá sé mar gheata chuig Dún Chaoin ina bhfuil na báid ag dul amach go dtí na Blascaodaí. Tagann na mílte duine ó mórthimpeall an domhain go dtí an Daingean agus a chomharsanacht agus tá na céadta de lucht oibre na háite ag brath ar an turasóireacht agus ar na cuaiteoiríúd.

Bhí sé míréasúnta amach is amach dlí a leagadh síos nach bhféadfaí Dingle a chur ar na comharthaí bóthair. Níor dhein sé aon chiall ar bith. Is tír dátheangach an tír seo agus tá súil agam go mbeidh sé dátheangach ariamh.

Cé gurb é an Béarla teanga labhartha an tromlaigh tá sé an-thábhachtach go mbeadh an Ghaoluinn mar theanga láidir, comh maith leis an gcultúr agus gach a bhaineann leis. Níl aon dabht ach go bhfuil brú ar an nGaoluinn agus ar an nGaeltacht. Tá an géarchéim eacnamaíochta ag cur an-bhrú orainn i láthair na huaire, le daoine óga á mbrú amach as a gcomharsanacht féin mar nach bhfuil aon obair ann dóibh. Dá bhrí sin tá brú ar an teanga agus ar an gcultúr, gan trácht ar an mbrú atá ag teacht ó na meáin agus ó fhórsaí eile.

Tá sé tábhachtach an Ghaoluinn a caomhnú ach ní féidir é sin a dhéanamh le héigeandáil. Dá bhrí sin, is socrú ciallmhar é seo a theastaigh ó fhormhór mór mhuintir na háite. Nuair a bhí an vóta acu bhí tromlach ollmhór ag lorg go mbeadh an dá ainm traidisiúnta ar an mbaile. Dá bhrí sin, níl anseo ach an rud ceart agus caoi a dhéanamh.

Ba mhaith liom ceist a cur ar an Aire mar gheall ar an phróiséas anois. Cad a tharlóidh tar éis an lae inniu maidir leis an gcinneadh seo a chur i bhfeidhm? Cén saghas fráma nó próiséas ama atá i gceist? Caithfidh mé imeacht go dtí cruinniú sular labhróidh an t-Aire ach ba mhaith liom go mbeadh soiléireacht ag muintir Chorcha Dhuibhne agus an Daingin cén saghas ama atá i gceist maidir leis an rud seo a chríochnú agus na comharthaí bóthair a chur thar n-ais mar is caoi ins an chomharsanacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.