Dáil debates

Tuesday, 19 July 2011

Communications Regulation (Postal Services) Bill 2010 (Seanad): Motion to Instruct the Committee

 

6:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom a deis seo a thapú labhairt ar an mBille agus cuid de na moltaí atá sna leasuithe atá á moladh ag an Aire a phlé go ginearálta. Sin a dhéantar ar an Dara Chéim de Bhille.

I bprionsabal tá mé go mór i bhfabhar an méid atá á dhéanamh ag an Aire. Go deimhin is é an Rialtas deiridh a chuir an tuairim chun cinn gur cheart go mbeadh cuid den cheadúnas ar fáil le haghaidh TG4. Nuair a bunaíodh TG4 i dtosach, léirigh mé mo mhíshásamh ar an gcaoi go raibh sé le hairgeadú. Chonacthas dom i gcónaí go mbeadh contúirt ann ó thaobh airgeadú TG4 de dá mbeadh sé ag brath ar airgead díreach ón gcáiníocóir. Ag an am níor thuig mé cén fáth nach dtiocfadh an t-airgead ón gceadúnas.

Is cuid den chraoltóireacht seirbhíse poiblí é TG4 agus níor cheart go mbeadh sé difriúil ar bhealach ar bith, mar shampla, ó RTÉ. Mar atá rudaí i láthair na huaire, tá trí ghné ag dul a bheith bainteach le craoltóireacht seirbhíse poiblí: TG4, RTÉ - a fhaigheann an chuid is mó den airgead, €185 milliún - agus an ciste craolacháin atá ann freisin. Má ceapadh nach rabhthas in ann an t-airgead iomlán a fháil ón gceadúnas le craoltóireacht seirbhíse poiblí a chur ar fáil, b'é mo thuairim ag an am gur cheart an t-airgead ón gcáiníocóir, an t-airgead atá ag teacht díreach on Státchiste, a chur isteach in éineacht leis an airgead ón gcéadúnas agus ansin, ag breathnú ar na riachtanais sheirbhíse poiblí, an t-airgead a dháileadh dá réir.

D'fhéadfadh duine ceist a chur cén difríocht a dhéanfadh sé, cén buntáiste a bhainfeadh leis. Tá an ceadúnas seasta. Baineann an ceadúnas le líon na n-áiteamh sa tír, méadaithe le teilifíseáin. Ar ndóigh, ceist go lá eile an cheart go gcaithfeadh gach áiteamh an ceadúnas a íoc, mar bhí go leor airgid ag dul amú ag iarraidh oibriú amach an bhfuil teilifíseán in dteach nó nach bhfuil. Is gearr go mbeifeá in ann an teilifíseán a chur i do lámh agus é a thabhairt timpeall leat, ach fágtar sin ar leataobh. Ar an meán, ní laghdaíonn líon na n-áiteamh sa tír agus mar sin tá ioncam an cheadúnais seasta nó ag méadú an t-am ar fad gan aon athrú ag teacht ar an gceadúnas féin. Is é sin le rá, má fhanann costas an cheadúnais mar a chéile tá an t-ioncam ag méadú. Bhí sé le tuiscint i gcónaí dá dtiocfadh géarchéim airgid sa tír go dtiocfadh laghdú ar an Státchiste, nó go mbeadh an baol sin ann agus go mbeadh sin éagcórach ar TG4 le hais iad siúd a bhí ag brath ar an gceadúnas.

Tá an rud atá á dhéanamh ag an Aire ag dul leath-bhealach. Is é atá sé ag socrú anseo ná gur féidir airgead ón gceadúnas a thabhairt go TG4, ach go praiticiúili go mbeadh an dá chiste ann i gcónaí agus go mbeadh TG4 fós ag brath, a bheag nó a mhór, ar airgead ón Státchiste. Ní thuigim cén fáth nár shocraigh an t-Aire go gcuirfí an dá chiste in éineacht, go ndéanfaí cinnte gur aon chiste amháin a bheadh ann le roinnt agus go roinnfí an t-airgead bunaithe ar an tseirbhís poiblí a bheadh á chur ar fáil. Ar an gcaoi a bhfuilimid ag oibriú, ní léir cén córas atá ann, nó a bhéas ann, le hairgead an cheadúnais a roinnt. Mar shampla, tá sé spéisiúil sa mBille go bhfuil an t-Aire ag rá gur le haghaidh cláracha seirbhíse poiblí amháin a bhéas an t-airgead le fáil ag TG4. Ach dúirt an t-Aire sa Teach le gairid, ag caint ar RTE, gur pacáiste iomlán é RTE agus seirbhísí RTE agus nach bhféadfaí bheith ag déanamh deighilt idir na clárach tráchtála agus na clárach seirbhíse poiblí mar gur aon pacáiste amháin iad. Is léir mar sin, má tá an tuiscint cheart agamsa ar an rud atá i gceist ag an Aire, go bhfuil laincis ag dul a bheith ar TG4 nach bhfuil ar RTE mar atá i láthair na huaire.

An dara rud nach bhfuil soiléir domsa ná cén chaoi a roinnfear airgead an cheadúnais idir TG4 agus RTE amach anseo. Ní raibh mé in ann briseadh síos a fháil, tar éis gur chuir mé ceist Phairliminte síos, ar an gcostas a bhaineann le clár uair a chloig teilifíse baile a chur ar fáil ag TG4 le hais uair a chloig teilifíse baile a chur ar fáil ag RTE. Bheifeá ag súil go mbeadh sé i bhfad níos chostasaí an uair a chloig a dhéanamh tré Ghaeilge seachas tré Bhéarla, ó thárla go bhfuiltear á dhéanamh i dteanga mhionlaigh, ach de réir an tuiscint atá agam, tá sé i bhfad níos saoire uair a chloig teilifíse a chur ar fáil nuair a dhéanann TG4 é le hais nuair a dhéanann RTE é. Ní thuigim ariamh cén fáth nach bhfuil benchmarking á dhéanamh de RTE leis an gcostas ar a éiríonn le TG4 seirbhísí a chur ar fáil. Ní ghéillim ar chor ar bith go bhfuil caighdeán na gcláracha ar TG4 ar aon bhealach níos lú nó níos measa na caighdeán na gcláracha a chuireann RTE ar fáil. Go deimhin, is minic a chloisim daoine, a bhfuil cuid mhaith acu ar bheagán Gaeilge, ag rá go bhfuil sár-chláracha á chur ar fáil ag TG4 agus go bhfuil caighdeán na gclár sin, go mórmhór na cláracha faisnéise, an-árd amach is amach agus nach bhfuil a mhacasamhail le fáil tré Bhéarla ar chor ar bith.

Tá muid ag fanacht agus ag fanacht ar na leasaithe seo. Tá siad ag teacht isteach dhá lá roimh dheireadh an téarma tar éis go raibh a fhios Mí na Nollag seo caite go mbeadh na leasaithe ag teastáil. Tá aiféal orm nach bhfuil beart níos raidiciúla á dhéanamh ag an Aire agus nach bhfuil sé ag cur crut nua iomlán ar an gcur chuige a bhéas ann maidir le hairgeadú na seirbhísí chraolachán phoiblí sa tír.

Aontaím leis an Aire go mba cheart go mbeadh córas láidir seirbhíse chraolachán phoiblí againn. Ní aontaím ar chor ar bith leo siúd a chreideann go bhféadfadh an earnáil phríobháideach tabhairt faoin gnó seo. Má bhreathnaítear áit ar bith ar domhan a bhful an cur chuige sin ann, feictear nach mbíonn mórán éagsúlacht ann agus nach bhfuil éinne sásta tabhairt faoi na cláracha ar árd chaighdeán a chuirfeadh craoltóir seirbhís poiblí ar fáil.

More Irish to follow.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.