Dáil debates

Wednesday, 29 June 2011

10:30 am

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)

Tá mé an-sásta go raibh an Taoiseach ann ag oscailt an droichid nua i nDoire. Bhí lá galánta ann sa chathair stairiúil sin. Bhí mé ag caint le Martin McGuinness faoi sin agus bhí seisean ag labhairt faoi "brand, bright new day" - níl a fhios agam an raibh sé ag labhairt nó ag canadh. Tá áthas orm fosta go raibh an Taoiseach in ann dul chuig Otharlann Altnagelvin, tá obair iontach déanta ansin ag na húdaráis anseo agus ag daoine sa Tionól. Aontaím faoin méid a bhí le rá faoi na rudaí dona a tharla i mBéal Feirste agus is cúis sásaimh é go raibh an Taoiseach ag caint leis an Phríomh Aire agus and Leas-Phríomh Aire faoi sin. Rinne an tArd-Mhéara, Níall Ó Donnghaile, an-obair fosta, chomh maith le daoine eile ar an taobh eile. Tá mé sásta fosta gur thug an t-Úachtarán cuairt ar an cheantar lena fear chéile, cuairt an-tábhachtach a bhí ann ar an Trá Gearr agus ar cheantar na ndílseoirí fosta. Obair mhaith í sin atá ina céim eile chun cinn sa phróiseas síochána.

I will round off by referring to the Taoiseach's comment that the Government continues to be committed to funding or assisting projects which are of benefit to people across the island. Does he agree that more such joint projects are needed to continue the peace process and help people? While the decisions on Altnagelvin Hospital and the bridge building, both figurative and literal, were good, it is ridiculous that we have two different education systems. Magee College and Letterkenny are a good example. These types of issues could be easily sorted out by Ministers working with their counterparts not only on health and education but also on the economy, energy and so forth. Will the Taoiseach give us some sense of the Government's intentions on these matters?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.