Dáil debates

Tuesday, 28 June 2011

2:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Ní aontaím; chuir an Teachta ceist orm agus thug mé freagra díreach dó. Tá a fhios ag an Teachta céard atá mé ag rá. Tá an plean leagtha amach ag an Rialtas, agus sin an plean a cuirfear i gcrích. Maidir leis na díospóireachta a bhí a siúl idir mé féin agus ceannairí na náisiún eile, tá a fhios acu go maith go bhfuil Rialtas na hÉireann dírithe ar réiteach agus ar dheireadh a chur lenár bhfadhbanna eacnamaíochta, agus caithfimid deighleáil leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.