Dáil debates

Tuesday, 28 June 2011

2:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá a fhios go maith ag an Teachta gur réiteach atá i gceist anseo agus sin an fáth go bhfuil na díospóireachtaí ar siúl idir oifigigh na hÉireann agus oifigigh an Aontais Eorpaigh. Tá sin ag leanúint ar aghaidh. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil cúrsaí buiséid i gceist aige ó thaobh cúrsaí cánach de. Dúirt mé go soleir, agus tá sé i gceartlár an chláir Rialtais, nach mbeidh ardú ann sna rátaí cánach ioncaim sa chéad bhuiséad eile. Ní bheidh laghdú sna rátaí leasa shóisialta ach dóibh siúd nach bhfuil toilteanach cúrsa traenála nó job a ghlacadh. Caithfidh siad a thuiscint go dtosófar le laghdú ar an ráta atá ar fáil sna cásanna sin nuair nach bhfuil siad toilteánach obair nó cúrsa traenála atá oiriúnach a ghlacadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.