Dáil debates

Thursday, 16 June 2011

Social Welfare and Pensions Bill 2011: Committee Stage (Resumed).

 

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Bheadh séáisiúil dá mbeadh an dá leagan den meabhrán mínitheach ar fáil ag an am gcéanna.

Ach ní dhéanann sin deighleáil leis an phríomh cheist, gur chóir go mbeadh na Billí ar fáil ag an am gcéanna. Chomh maith leis sin, faoin Aire atá sé féachaint chuige go bhfuil go leor ama idir rith an Bhille agus foilsiú an aistriúcháin. Níl aon duine chun cur i gcoinne an pá meánach a ardú. Táimid ar fad i bhfábhar sin. Ach ní sin amháin a bheadh ag teacht i réim ar an 2 Iúil. Bheadh an t-athrú i leith PRSI na bhfostathóirí agus an levy traenála ag teacht i bhfeidhm ar an lá sin chomh maith.

Tá seo ar fad ceangailte le cinneadh a rinne an Rialtas leis an IMF go mbeadh an t-athrú seo i bhfeidhm laistigh den chéad leath den bhliain. Sin an tábhacht a bhaineann leis an dáta sin, 2 Iúil. D'fhéadfaí dáta eile a phiocadh dá mba ghá, ach amháin go bhfuilimid ar fad ag iarraidh go dtiocfadh an leasu sin maidir leis an pá meánach isteach chomh tapaidh agus is féidir. D'fhéadfaí sin a thabhairt i réim an tseachtain seo caite nuair a mhol an Teachta Pearse Doherty leasú ar an mBille Airgeadais. Níor glacadh leis an rún.

Tá a fhios againn nach nglacfaidh an t-Aire ach leis na leasaithe a mhol sí féin, is é sin go n-athrófaí an dáta ó 1 Iúil go 2 Iúil. Seachas sin, ní thiocfaidh aon athrú ar an alt seo ach amháin má ghlacann an t-Aire leis. D'fhéadfadh sí a rá leis na haistritheoirí an Bille a aistriú ag an stad seo ar aon chaoi. Tá a fhios againn nach bhfuil aon mór athrú chun teacht ar an mBille muna bhfuil an t-Aire sásta leis. Níor tharla sin go dtí seo agus ní fheicim go dtarlódh sé sa tSeanad ach oiread.

Tá buairt orm mar gheall ar an alt seo. Tá sé ag cur Acht de chuid on Oireachtais ar leataobh. Droch chéim chun tosaigh é seo. Má tharlaíonn sé seo i gcás an Achta seo is cinnte go dtarlóidh sé i gcás Achtanna eile amach anseo. Sin a tharlóidh gan an athrú a bhfuil mé tar éis a lua, is é sin go mbeadh an Bille ar fáil i nGaeilge, ní mar áis domsa amháin ach mar áis don phobal ar fad.

Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh meabhrán mínitheach againn. Cosúil leis an Teachta Ó hUiginn, is minic a bhíonn ormsa labhairt ar Raidió na Gaeltachta. Caithim cúpla nóiméad ag treabhadh tríd na foclóirí ag triall an fhocail cheart agus is minic nach mbíonn sé le fáil. Bheadh sé i bhfad níos éasca domsa dá mbeadh meabhrán mínitheach againn. Bheadh sé i bhfad níos éasca do gach Teachta, go háirithe dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt sa Teach dá mbeadh sé ar fáil.

Tá mé ag cur i gcoinne an ailt seo den Bhille. Iarraim ar an Aire tarraingt siar ón chéim seo ag an stad seo, más féidir in aon chor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.