Dáil debates

Thursday, 2 June 2011

2:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Cuireann sé fíor áthas orm deis a bheith agam cúpla rud a rá faoi na leasaithe atá molta ag an Rialtas maidir le feidhmiú na Dála. Tá roinnt leasaithe go bhfuil mé ina bhfábhar agus cuid eile go bhfuil mé go mór ina n-aghaidh. Tá cuid eile gur mhaith liom tuilleadh macnamh a dhéanamh orthu.

Tá dearcadh coitianta thart gurb é an t-aon rud atá tábhachtach ná go gcuirfimís leis an méid ama a shuíonn an Dáil. Feicim go leor contúirtí ag baint leis seo. Mar shampla, iad siúd atá díograiseach faoi obair na Dála, fanfaidh siad anseo. Ag an am gcéanna, beidh deis ag Teachtaí Dála imeacht abhaile - daoine nach bhfuil ceangailte do pháirtí ar bith nó fiú taobh istigh des na páirtithe - agus a bheith ag déanamh obair dháilcheantair an fhaid is atá daoine díograiseacha ag plé le hobair na Dála agus le hobair na gcoistí. Tá mé cinnte go dtuigeann an t-Aire Stáit an contúirt a bhaineann leis sin agus an brú a chuirfeadh sé orthu siúd atá díograiseach faoina gcuid oibre.

Tá rud eile atá thar a bheith aisteach faoin moladh seo: suí Dé hAoine agus breis uaireanta i rith na seachtaine, agus níos lú ama le chaitheamh sa dáilcheantar nó sa mbaile. Ceann des na torthaí a bhéas air sin ná go mbeidh sé níos deacra agus níos deacra dos na daoine atá i bhfad ó bhaile feidhmiú sa Dáil. Mar a dúirt an Teachta a bhí ag caint romham - thaitneodh sé nó nach dtaitneodh sé liom - titeann go leor de chúram leanaí ar mhná. Smaoinaíonn daoine i gcónaí ar na naoineáin, ach nuair a thagann leanaí do aois a ceathair nó a cúig agus nuair a thosaíonn siad ar an scoil, ní féidir an páiste a thabhairt go Baile Átha Cliath. Más rud é go bhfuil Teachtaí Dála thuas i mBaile Átha Cliath Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine, chiallódh sé go mbeadh ar dhaoine an baile a fhágail, agus gasúir óga sa mbaile, agus ceithre lá a chaitheamh thuas anseo. Tá go leor daoine nach mbeadh sásta an íobairt sin a dhéanamh, agus tuigim dóibh. Fiú ar mo thaobh féin, bhí mé i gcónaí sásta nár éirigh liom fáil tofa do ceachtar de dhá Theach an Oireachtais go dtí go raibh na gasúir beagáinín fásta. Dá mba rud é go raibh mé thuas anseo ceithre lá den tseachtain ag an am sin, chaillfinn amach go leor ar shaol óg na ngasúr.

Caithfimid an-mhachnamh a dhéanamh air seo. Go minic, nuair a bhíonn plé air seo bíonn daoine i mBaile Átha Cliath ag caint ar uaireanta níos giorra. Is é ba mhaith le muintir Bhaile Átha Cliath, agus tuigim dóibh mar is as Baile Átha Cliath mé, go dtosódh an Dáil ag a naoi agus go gcríochnódh sé ag a cúig. B'fhearr le muintir na tuaithe go mbeadh an tseachtain níos giorra agus na laethanta níos faide mar is í an fhadhb atá acu siúd go bhfuil siad as baile an t-am ar fad a mbíonn an Dáil ag suí. Teastaíonn tuillleadh plé ar an gceist seo.

Tagaim go hiomlán leis an smaoineamh go mbeadh níos lú coistí ann. Bhí mé ag rá le blianta fada go raibh i bhfad an iomarca coistí. Tacaím leis an moladh sin. Tá súil agam go bhfeidhmeoidh na coistí níos fearr. Nuair a bhínn istigh ag coistí mar Aire is minic a chonaic mé an rud a bhíodh an tarlú. Thosaíodh an coiste le deichniúr i láthair agus faoi scaithín beag ní bhíodh fágtha ach urlabhraithe na bpáirtithe, triúr nó ceathrar ar a mhéid. Ní shin an chaoi cheart le coiste a oibriú. Má tá coiste ann, ba cheart go mbeadh tinreamh iomlán ann ó thús go deireadh. Mar a dúirt mé arú aréir ag caint sa Dáil, tá an iomarca buntáiste sa Dáil seo dóibh siúd atá ag iarraidh an soundbite. Níl dóthain bhuntáiste ann dóibh siúd atá ag iarraidh an obair a dhéanamh.

Maidir leis an leasú bunreachtúil atá molta i gcás Abbeylara, caithfimid bheith cúramach. Ba mhaith liom go mbeadh deis fiosrúchán ceart a dhéanamh, níl aon fhadhb agam leis sin, ach má táimid ag dul milleán a chur ar dhaoine ainmnithe, caithfimid smaoineamh gur polaiteoirí sinn agus go bhfuil dearcaidh pholaitiúla léirithe againn taobh amuigh den Teach agus gur idir dhá rud atá an fhírinne sa scéal seo agus go bhfuil ceart ag daoine bheith cinnte nach ndéanfar rud a chur ina leith faoi phribhléid an Tí seo gan chosaint cheart a thógáil san áireamh gur polaiteoirí sinn agus gurb é ar ngnóthaí dearcadh polaitiúil a thabhairt isteach sa Teach seo.

B'iomaí rud, áfach, gur cheart go mbeimis in ann a dhéanamh. Bhí mise ag moladh le gairid go ndéanaimid fiosrúchán iomlán ar na téarmaí atá ann maidir le dul ag tóraíocht ola amach ón gcósta. Caithfimid an cheist seo a scrúdú ach d'fhéadfaimis dul thar fómhair ar an taobh eile.

Tá mé an-tógtha leis na smaointe atá ann maidir leis na ceisteanna parlaiminte ach ba mhaith liom dul níos faide fiú. Aontaím go hiomlán mar iar-Aire go raibh sé craiceáilte 100 ceist a bheith thíos agus gan sinn ag freagairt ach 15 acu agus am na Státseirbhíse curtha i leataobh ag freagairt na gceisteanna sin ar fad. Tá mionrud anseo is ansiúd gur ceart a leasú ach tacaím leis an chur chuige ginearálta Tá mé i bhfabhar go gcaithfí breis ama le ceisteanna ach ba cheart ceisteanna a chur i bhfad níos minice ná mar a dhéantar sa Pharlaimint seo. Ní thuigim cén fáth go gcaithfimid fanacht cúig seachtaine mar go minic bíonn scéalta briste imithe fuar sula n-éiríonn linn iad a phlé anseo agus pléitear ag na meáin iad i bhfad sula bpléitear anseo iad. Bhí mé an-tugtha le córas a chonaic mé ag feidhmiú i bParlaimint Cheanada. Nuair a bhí tráth na gceist ann bhí sraith Airí ar fáil, mar atá anseo ag Ceisteanna na gCeannairí, cúpla lá sa tseachtain agus ba cheart dúinn breathnú air sin.

Tagaim go hiomlán leis an rud a dúradh maidir le Madame Guillotine a bhíodh in úsáid anseo. Rinne mé iarracht mar Aire gan dul i muinín an guillotine nuair a bhí mé in ann agus tá súil agam go n-éireoidh leis an Rialtas nua é a sheachaint, go mór mór ar Chéim an Choiste. Le bheith fírinneach, tá an-iomarca ama caite ar an Dara Chéim de Bhillí agus ní chaitear a dhótháin ama ar Chéim an Choiste nó ar Chéim na Tuarascála de Bhillí nuair a bhíonn brú ama ann. Sin iad an dá chéim is tábhachtach de Bhille mar is ansin a dhéantar cinneadh ar na focail a dhéanfaidh breitheamh breithiúnas orthu.

Maidir leis na moltaí faoin Athló, arís tá súil agam go dtógfar iad ag am tráthúil den lá. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh deis freagraí a fháil go gasta ar rudaí. Tugaim faoi deara le gairid, áfach, go bhfuil Airí ag déanamh fógraí móra faoin rud atá le tarlú agus áirím anseo é ar Riar na hOibre agus an Ceann Comhairle ag tabhairt amach dom go bhfuil mé ag cur an iomarca ceisteanna. Is é an bhuncheist atá agam ná an bhféadfaimis na mórcheisteanna go mbeimis ar fad á bplé sna meáin a phlé sa Teach seo ag an am atá siad ag tarlú. Níl aon mhaith a rá go bpléifimid iad faoi cheann ceithre nó cuig seachtaine mar faoin am sin bíonn an scéal imithe agus na cinnithe déanta. Ba cheart breathnú ar an gceist sin agus féachaint an bhfuil aon bhealach gur féidir a chinntiú go bléifear na ceisteanna anseo.

Admhaím go raibh Rialtais ann, agus Rialtais ina raibh mise, ro-chosantach faoin gceist seo. Go pearsanta, áfach, bhí mé i gcónaí ag tairscint rudaí mar seo a phlé mar chreid mé sa rud a bhí mé ag déanamh agus níor shíl mé go raibh cúis ar bith nach dtiocfainn isteach chun scéal a mhíniú mar bheadh sé i bhfad níba éascaí é a mhíniú in áit structúrtha mar seo nó bheith ag iarraidh plé in áit nach raibh struchtúr leis an díospóireacht agus nach raibh raibh tuiscint ag daoine ar na srianta atá le hAirí mar atá go ginearálta ag polaiteoirí. Ba cheart go mbeadh deis ceisteanna a thagann aníos ó sheachtain go seachtain a phlé gach seachtain sa Dáil agus níor cheart go mbeadh sin teoranta do Private Members' Business.

Tá caint anseo ar líon na dTeachtaí Dála a laghdú. Tá iontas an tsaoil orm go bhfuil Teachta Dála agus Taoiseach as Maigh Eo ag moladh go laghdófar líon na dTeachtaí Dála. Tá a fhios ag an Taoiseach féin go dtogfadh sé dhá uair an chloig go leith tiomáint ó cheann amháin dá dháilcheantar go dtí an ceann eile. Má dhéantar na dáilcheantair níos mó beidh Sligeach agus Maigh Eo le chéile agus ní bheidh aon bhealach ag na Teachtaí Dála freastal ar an méid sin daoine. Cé a chaillfidh amach? Na daoine ar an imeall, na daoine atá i bhfad ón bhaile. Tá codanna de dháilcheantair ann cheana féin nach dtéann TD ann mar níl an daonramh sách-tiúbh ná sách-mhór. Má tá an Rialtas ag dul an bhealaigh seo, caithfidh sé a chinntiú agus a leagan síos gur toghcheantair le trí shuíochán a bheidh sna dáilcheantair ar fad. Níl aon chiall le toghcheantair le cúig shuíchán tuaithe agus ceantair mhór mhillteanacha iad, agus ag ceapadh go mbeidh sin ar leas an phobail. Rud amháin a bhí go maith sa pholaitíocht in Éirinn ná go raibh deis ag an bpobal fáil ar Theachtaí Dála. Má dhéantar na hathruithe seo, ní bheidh fáil sna ceantair i bhfad ón bhaile ar na Teachtaí Dála agus beidh éagóir á dhéanamh ar chud den phobal is laige agus is leochailí dá bhfuil ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.