Dáil debates
Thursday, 2 June 2011
Order of Business
11:00 am
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Tá an Teachta Ó Cuív ag éisteacht le ráflaí. Níl a fhios agam cé atá freagrach as na raflaí sin. An féidir leis a rá sa Teach cé atá freagrach astu? Mar a dúirt mé, tá reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeltachta ann agus tiocfaidh an reachtaíocht sin os comhair na Dála. Seans gur fearr leis ceist dhíreach a chur ar an Aire faoi na hábhair a bheidh sa Bhille sin.
No comments