Dáil debates

Thursday, 2 June 2011

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tabharfaidh mé seans eile don Tánaiste a dhearbhú nach bhfuil i gceist aon laghdú a dhéanamh ar chumhachtaí Údarás na Gaeltachta. Tá ráflaí ag dul thart go bhfuil sin i gceist agus tá an-imní ar phobal na Gaeltachta. Seo an dara seans don Tánaiste a dhearbhú do phobal na Gaeltachta nach dtiocfar siar ar straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar a foilsíodh í agus mar a d'aontaigh na páirtithe uile sa Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.