Dáil debates
Tuesday, 31 May 2011
Appointments to State Boards
2:30 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Ní raibh sé i gceist ar chor ar bith go mbeadh cumhacht iomlán ag na coistí maidir leis na daoine a cheapfar mar baill de na boird seo. De réir an Teachta, faigheann cuid de príomh-oifigigh na rannóg Stáit tuarastail an-árd. Tá na tuarastail ó thaobh na chathaoirligh de foilsithe agus tá siad fíor-soiléir. Tá na chathaoirligh freagrach don Rialtas. Tá cead ag baill an choiste ceisteanna a chur orthu siúd atá toilteanach, nó a bhfuil fonn orthu bheith mar chathaoirligh ar rannóg nó bord Stáit ar bith. Is mór an athrú é sin atá curtha i gcrích ag an Rialtas seo. Tá sé fíor-soiléir. Tá cead ag gach Teachta freastal ar chostí Oireachtais agus ceisteanna a chur ar duine ar bith gur mhian leis nó léi bheith ina chathaoirligh ar bord nó rannóg. Is mór an athrú é sin, ó thaobh soiléireacht agus freagracht de, i gcomparáid leis an méid a bhí in áit le blianta anuas.
No comments