Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)

Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil tábhacht ar leith ag baint lenár dteanga, lenár n-oidhreacht agus lenár gcultúr dúchais. Is saibhreas iad. Ba chóir go mbeimís bródúil astu. Tá sé riachtanach dúinn achan iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a cosaint agus a húsáid. Tá dualgas faoi leith orainn-ne san Oireachtas dea-shampla a thabhairt don tír maidir le labhairt na teanga. Sin an fáth go bhfuil mé lán-sásta páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus an iarracht seo a dhéanamh.

Tá an-ghrá agam don teanga agus do litríocht na tíre. An rud is tábhachtaí do fhorbairt na Gaeilge ná go mbeadh grá ag na daoine don teanga agus bród acu aisti. Níl mé chun dul isteach go cruinn sa díospóireacht mar gheall ar Ghaeilge éigeanntach san árd teistiméireacht, ach le rud amháin a rá. Má tá an Ghaeilge éiginnteach agus gan í a bheith i gcroí na mac léinn, ní fiú í a theagasc. Ag féachaint siar, tá sé soiléir nár chabhraigh Gaeilge éiginnteach le hathbheochan na teanga. Chun an teanga labhartha a cothú ba chóir go mbeadh scrúdú béil sa teistiméireacht sóisearach. Chuirfeadh sin béim ar an teanga labhartha. Thabharfadh sé spreagadh dos na daltaí agus, ar ndóigh, dos na múinteoirí. Molaim don Aire Stáit plé leis an smaoineamh sin.

I rith m'óige, chaith mé tréimhsí sa Ghaeltacht i dTír Chonaill, thart ar an Bhun Beag agus na háiteanna sin, agus bhain mé an-sult as. Chuaigh mac liom go dtí an Ghaeltachta anuraidh agus beidh sé ag dul ar ais, ar a thoil féin, lena chairde i mbliana. Molaim Cumann Lúthchleas Gael an Chabháin mar tugann an cumann scoláireachtaí dos na leanaí agus deontais a chabhraíonn chun an costas a íoc. Is fiú é sin. Molaim don Rialtas tacaíocht leis na coláistí samhraidh agus leis na mná tí ionas go mbeadh seans ag níos mó dul go dtí an Ghaeltacht. Molaim don Aire Stáit smaointiú air seo. Níl rud ar bith níos tábhachtaí ná seans a thabhairt don aos óg dul go dtí an Ghaeltacht, a bheith páirteach sa Ghaeltacht agus sult a bhaint as. Tá gá le níos mó béime a chur ar shaoire agus ar chúrsaí don aos óg sna Gaeltachtaí.

Molaim TG4, Raidio na Life, Raidió na Gaeltachta agus Des Bishop, mar a luadh an Teachta 'Ming' Flanagan, as an méid atá déanta acu don teanga. Tá na meáin cumarsáide an-thábhachtach. Molaim don Aire tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a fhorbairt. Is fiú aitheantas a thabhairt do ionaid Gaeilge inár mbailte agus inár gcathracha taobh amuigh den Ghaeltacht. Molaim don Aire taighde a dhéanamh ar an straitéis seo agus iarracht a dhéanamh í a cur i bhfeidhm.

Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag tabhairt treoracha dúinn agus is fiú na treoracha sin. Tá mé sásta a chloisteáil ón Aire go bhfuil coiste an Rialtais ath-bhunaithe agus faoi chúram an Taoisigh agus go raibh cupla cruinnithe ag an gcoiste cheana. Is maith an rud é sin agus tá mé an-sásta é sin a chloisteáil.

Rud íontach an díospóireacht seo agus b'fhiú dúinn níos mó díospóireachtaí ar an ábhar seo a bheith againn. Tá dualgas orainn, mar Chomaltaí den Oireachtas, cupla abairt Ghaeilge a chur isteach aon uair a labhraimíd ar ócáid phoiblí. Tugann sé sin dea-shampla do dhaoine eile agus spreagadh do lucht na Gaeilge. Tá mise sásta geallúint a thabhairt don Teach go ndéanfaidh mé sin. Beidh mé ag dul go dtí meán scoil tráthnóna inniu chun duaiseanna a bhronnadh ar na scoláirí agus déanfaidh mé iarracht cupla abairt Ghaeilge a úsáid agus mé ag caint leis na mic léinn. Is fiú é sin a dhéanamh. Tá dualgas orainn é sin a dhéanamh agus forbairt agus athbheochan na teanga a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.