Dáil debates

Wednesday, 25 May 2011

11:00 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil cead aige, trí a phríomh Aoire, é seo a ardú ag cruinniú na n-Aoirí agus plé a dhéanamh faoi na díospóireachtaí a bheidh ar siúl anseo. Bhí díospóireacht ann cúpla seachtain ó shin maidir le straitéis na Gaeilge. Tá na ceisteanna faoi cúrsaí Gaeltachta chuig an Aire Gaeltachta curtha ar ceal amárach toisc nach cuireadh isteach ach ceist amháin ar chúrsaí Gaeltachta agus gur tarraingíodh siar an cheist sin ag an Teachta a chuir síos í ar dtús. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil na dualgaisí a bhí ag baint leis an Roinn mar a bhí sí, curtha chuig Roinn nua. Tá na ceisteanna a cuireadh síos nach mbaineann le cúrsaí Gaeltachta curtha chuig na hAirí atá ag baint leis na dualgaisí sin faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta freisin, ó thaobh cúrsaí dlithiúla agus bunreachtúla de, go bhfuil an Roinn Gaeltachta ann fós mar a n-ainmníodh é roimhe seo. Beidh sé mar sin go dtí 2 Meitheamh nuair a aistreofar na dualgaisí chuig an Roinn nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.