Dáil debates
Wednesday, 20 April 2011
Inward Investment
10:30 am
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Aontaím leis an Taoiseach ar an ábhar seo agus déanfaimid ár ndícheall chun tacaíocht a thabhairt dó go mbeidh seans ann é a dhéanamh agus tá súil againn go n-éireoidh an t-adh leis san obair seo. An aontaíonn an Taoiseach go gcaithfimid iomaíocht a athrú ar an oileán seo go mbeidh comhoibriú ann idir infheistíocht sa tír ón taobh amuigh agus gnóthaí dúchasacha a chruthú agus a chothú. Is féidir leis an Rialtas cabhrú leis an fhás atá de dhíth trí ghnóthaí dúchasacha agus iad ag fás agus infheistíocht a mhealladh isteach ón taobh amuigh. Tá dhá rudaí ann - infheistíocht ón taobh amuigh agus ár ngnóthaí dúchasacha áitiúla.
No comments