Dáil debates
Wednesday, 20 April 2011
State Visits
10:30 am
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Beidh fáilte roimh cuairt an Uachtarán Obama go hÉirinn. Ní aontaíonn Sinn Féin le go leor polasaithe atá ag teacht ón Teach Bán. Nuair a bhí seans agam, dúirt mé a leithéid leis na hUachtaráin Clinton, Bush agus Obama. Caithfimid bheith an-soiléir gur thacaigh Rialtas Mheiriceá leis an bpróiseas síochána in Éirinn. Síleann poblachtánaigh agus saoránaigh eile go bhfuil cuairt Banríon Shasana mícheart ag an am seo.
No comments