Dáil debates

Tuesday, 19 April 2011

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom iarraidh ar na Teachtaí machnamh air seo thar oíche. Tá deis iontach ann toradh a bhaint as an oíche anocht a bheidh chun leasa mhuintir na hÉireann agus a dhéanfaidh cinnte go mbeidh muinín ag muintir na hÉireann ní amháin as an Rialtas ach as an Oireachtas mar áit ar féidir ábhair a scrúdú ann agus ní díreach seasamh suas ar feadh uair go leith ag léamh óráidí réamhréitithe amach. Mar sin, iarraim orthu machnamh agus glacadh leis an leasú atá leagtha síos ag Fianna Fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.