Dáil debates
Thursday, 24 March 2011
Pupil-Teacher Ratio
4:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Is mór an trua é go bhfuil an chóimheas á athrú. Tá dúshlán uafásach deacair ag múinteoirí gaelscoile agus an teanga á oiliúnt acu. Tuigim go ligfí 24 múinteoirí as a bpoist. Ceapann muintir na Gaeilge timpeall na tíre go bhfuil stádas na Gaeilge ag laghdú. Roimh an toghchán, dúirt Fine Gael go rabhadar chun stádas na Gaeilge a íslú ón áit lárnach atá aici san ardteist faoi láthair. Cad iad tuairimí an Aire i dtaobh an Ghaeilge san ardteist? Ceapann Sinn Féin gur chóir go mbeadh an Ghaeilge riachtanach san ardteist.
Chuir an sean-Rialtas bac ar gaelscoileanna nua timpeall na tíre. Tá Gaelscoil Ráth Tó i mo dháilcheantar ag feidhmiú gan aitheantas ón Rialtas. Tá an gluaiseacht gaelscolaíochta mar cheann de na beagán tionscnaimh iontacha rathúla ó thaobh athbheochan na teanga de. Caithfimid níos mó tacaíocht a thabhairt do ghaelscoileanna. An bhfuil an Rialtas sásta aitheantas a thabhairt do ghaelscoileanna nua? An bhfuil an Rialtas sásta áit lárnach agus riachtanach a thabhairt don Ghaeilge san ardteist?
No comments