Dáil debates

Tuesday, 22 March 2011

4:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Maidir leis an cheist a chur an Teachta Tóibín, labhair mé leis an Phríomh-Aoire faoin ábhar seo agus is dócha gur féidir seo a shocrú nuair a bheidh cruinniú ag na hAoirí. Is féidir nach mbeidh an díospóireacht ann an tseachtain seo chugainn ach tá súíl agam go mbeidh sí ann go luath. Tá fadhbanna ann agus tá deacrachtaí ag daltaí faoi chúrsaí Gaeilge, faoi chúrsaí Gaelscolaíochta agus deacreachtaí sna gnáth-scoileanna freisin.

Tá mé féin i bhfeighil an choiste Rialtais faoi chúrsaí Gaeilge. Bhí an t-iar Thaoiseach mar cheannaire ar an gcoiste sin agus bhí cúpla cruinniú ag an gcoiste. Tá suim faoi leith agam san ábhar seo agus cuirfidh mé an coiste Rialtais sin ar bun arís agus cuirfidh mé an tuarascáil a thiocfaidh as os comhair an Tí go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.