Dáil debates
Tuesday, 22 March 2011
Order of Business
4:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
An tseachtain seo caite, gheall an Taoiseach go mbeadh díospóireacht ann maidir leis an phlean 20 bliain don Ghaeilge. Cathain a bheidh an díospóireacht sin ann? Ba mhaith liom freisin plé a dhéanamh ar an ghearradh siar sa chóras Gaelscolaíochta. Tá athrú ann mar gheall ar dlí a thug an sean-Rialtas isteach agus beidh brú uafásach ar dhaltaí sna Gaelscoileanna agus caithfear múinteoirí sna Gaelscoileanna a ligean as a bpost. Cathain a bheidh díospóireacht faoin ábhar sin ann?
No comments