Dáil debates

Tuesday, 15 March 2011

3:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá a fhios ag an Teachta Adams, cé go bhfuil sé míshásta, go bhfuil sé seo thar a bheith coitianta istigh anseo. Mar sin féin, deireann an Príomh-Aoire liom nár chuir an Teachta ceist ar bith air faoi ceisteanna nó faoi am breise a thabhairt don díospóireacht. Sin an chaoi a bhfuil sé. Beidh neart ama ag an Teachta as seo amach chun ceisteanna a chur faoin Roinn Airgeadais a scoilt ina dhá leath agus an fáth go ndearnamar sin - i dtreo is go mbeadh i bhfad níos mó iniúchta ar na Vótaí airgid atá ag dul do na Rannaí Stáit éagsúla. Sin an fáth go bhfuil an scoilt ann agus gur scoilt muid an Roinn ina dhá leath. Mar adúirt mé, dá mba rud é go raibh breis ama iarrtha don díospóireacht nó do cheisteanna ón bPríomh-Aoire, is dócha go mbeadh an t-am sin tugtha. Freisin, mar adúirt mé leis an Aire Martin, beidh vóta ag deireadh na díospóireachta seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.