Dáil debates

Tuesday, 15 March 2011

Programme for Government: Motion

 

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an-áthas orm deis a bheith agam comhoibriú leis an Aire sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta. Roinn í seo a raibh baint agam féin léi ó tháinig mé isteach ins an Dáil. Is duine ón nGaelacht mé agus bhí baint agam ar feadh na mblianta leis an Roinn sin. Tá áthas orm deis a bheith agam oibriú leis an Aire ins an Roinn sin ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ar mhaithe leis an Ghaeltacht.

Mar atá ráite ins an chlár Rialtais, tá sé i gceist ag an Rialtas tacaíocht a thabhairt do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 sa chaoi gur féidir linn na spriocanna indéanta atá luaite ins an straitéis a chur i bhfeidhm. Is cinnte gur beatha teanga í a labhairt. Sa chomhthéacs sin, cuirim fáilte roimh an ngealltanas a tugadh sa chlár Rialtais go gcuirfear leasaithe i bhfeidhm ar churaclam na Gaeilge agus ar an gcaoi ina múintear an Ghaeilge ag an mbun leibhéal agus ag an iar-bhun leibhéal sa chaoi is go mbeidh níos mó béime curtha ar chumas cainte agus ar chumas cluastuisceana. Mar iar-mhuinteoir a bhfuil tuiscint agam ar múineadh na Gaeilge, tá mé ag súil go mbeidh mé ag comhoibriú le mo chomhghleacaí, an t-Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Ruairí Quinn, ar an ábhar fíor-thábhachtach seo.

Táimse ag súil an deis a thapú, mar Aire Stáit a bhfuil freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta orm, beart a dhéanamh de réir mo bhriathair chun gach uile ní a dhéanamh chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint. Mar chéad chéim, tá sé i gceist agam féin agus ag an Aire dul i ndáil chomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí sa chaoi is gur féidir leis an Roinn úr tuiscint mar is ceart a fháil ar na ceisteanna atá ag déanamh buartha do na daoine san earnáil seo.

Ar ndóigh, caithfimid uile a bheith réalaíoch maidir leis an méid gur féidir a chur i gcrích san aeráid eacnamaíoch faoi láthair. Ní chiallaíonn sin, dar ndóigh, nach féidir linn a bheith gan dóchas ar son na Gaeilge agus beidh mé ag tnúth leis seasamh dá reir a ghlacadh i gcomhar leis na daoine agus leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil todhchaí agus cur chun cinn na teanga ar a gcéad chloch dá bpaidrín.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.