Dáil debates

Wednesday, 15 December 2010

Credit Institutions (Stabilisation) Bill 2010: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Bheadh sé go hiontach dá mbeadh an tAire Stáit, an Teachta Mansergh, nó aon Aire, sásta tacú liom ó thaobh reachtaíochta as Gaeilge, as Béarla nó as teanga ar bith eile. Sa deireadh thair thall, níl siad in ann aon fhreagra cuí a thabhairt in aon theanga.

Níl mise sásta tacú leis seo, níl mé sásta glacadh leis na míniúcháin sa chuid seo den reachtaíocht agus níl mé sásta glacadh leis go bhfuil an reachtaíocht cuí agus go mbeidh sé ag dul ar aghaidh. Déanfaidh an Bille damáiste don gheilleagar náisiúnta agus cuirfidh sé ualach thar fulaingt ar ghnáthphobal na tíre. Deir sé san alt, "'financial support' has the same meaning as the Act of 2008". Financial support has a different meaning to the vast majority of people because they do not have it, it has been withdrawn from in terms of the Social Welfare Bill last week.

Tá a lán eile lena bhféadfainn déileáil ó thaobh míniúchán de. Le nóiméad nó dhó fágtha, bheinn sásta seal a thabhairt do Theachta eile ach is scannal é go bhfuil an Dáil ag déileáil le reachtaíocht atá chomh tábhachtach leis seo i gceann cúpla uair an chloig agus nach raibh muid sásta déileáil leis i gceart, ar an Dara Chéim, nuair a bheadh gach duine in ann ráiteas a thabhairt agus ansin déileáil leis ar Chéim an Choiste sa dóigh is go mbeimis in ann iniúchadh ceart a dhéanamh, líne ar líne, ar Bhille chomh tábhachtach seo. Líne ar líne. Ní raibh muid in ann seo a dhéanamh toisc go raibh an tAire ag iarraidh an Bille a rith chomh tapaidh sin, in ainneoin go bhfuil seans againn suí i rith na seachtaine seo chugainn. Ní raibh mise sásta leis toisc nach raibh sé ag teacht ar ais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.