Dáil debates

Wednesday, 15 December 2010

Credit Institutions (Stabilisation) Bill 2010: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tuigim go bhfuil daoine eile ag iarraidh labhairt, tá mise ag iarraidh ligean don Teachta Martin Ferris labhairt. Tá mé sásta ligean don 165 Teachta eile nach bhfuil anseo teacht isteach ach níor thug an Dáil seo seans do gach uile Teachta déileáil leis an reachtaíocht seo. Sin an scannal is mó. Tá seans againn teacht isteach an tseachtain seo chugainn ach ní raibh an Rialtas sásta leis sin. Tá seans ag an Rialtas, ní bheidh na scoileanna ar saoire an tseachtain seo chugainn agus beidh gnótha ag obair do dtí Déardaoin seo chugainn. Cén fáth nach bhfuillimid sásta sin a dhéanamh? Tá brón orm, níl mise sásta leis ach táim ag déileáil leis an Bhille. Mar is gnách, ní féidir liom déileáil leis ó thaobh na Gaeilge de mar níl an Bille ar fáil as Gaeilge. Seo Bille um Fhorais Chreidmheasa (Cobhsúchán) 2010. Níor chuala mé an focal sin "cobhsúchán" i riamh i mo shaol. Bheadh sé deacair déileáil leis sin in aon teanga.

Níl muinín agam as aon rud atá sa Bhille seo agus níl muinín agam san Aire. Dá mbeadh muinín agam san Aire, bheinn sásta tacú le haon chumhachtaí breise a thabhfar dó. Táimse ag cur go huile is go hiomlán i gcoinne na reachtaíochta seo agus an ailt seo.

Luaigh an tAire nach raibh mise ag déileáil leis an alt ceart. In alt 2, an príomhalt i reachtaíocht ar bith, an interpretation section, déileáileann sin leis an treoir agus leis an mhíniúchán atáimidne ag déanamh ar fhocail dhifriúla. Sa chás seo, táimid ag déileáil le-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.