Dáil debates

Wednesday, 15 December 2010

Credit Institutions (Stabilisation) Bill 2010: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá brón orm. Tá sé seo níos tábhachtaí ná an chéad rud mar déaneann sé seo déileáil leis na príomhrialacha a bhaineann leis an Acht seo, agus an interpretation. Táimidne ag déanamh iarrachta déileáil leis seo. Táimid ag déanamh iarrachta cur ina luí ar an Aire go bhfuil gá le hathrú meoin ag an Rialtas.

Tá brón orm nach raibh mé sa Teach ar feadh tréimhse ghairid den díospóireacht ar an reachtaíocht seo, mar bhí cruinnú eile agam. Bhí mé anseo ag an tús agus ag an deireadh. Ní raibh an chuid is mó de Theachtaí an Rialtais sa Teach in aon chor. Is droch rud é sin, go háirithe toisc go bhfuilimid ag déileáil le cumhachtaí breise a thabhairt don Aire. Sa deireadh thiar thall, is rud tábhachtach é cumhachtaí breise a mholadh. Tá dáinséar ann i gcónaí nuair atáimid ag moladh cumhachtaí breise don Aire. Sa chás seo, tá mise i gcoinne roinnt de na cumhachtaí atá á dtabhairt againn don Aire, mar níl an tAire ná an Roinn ag déileáil leis an phríomhfhadhb. Tá siad ag cur léi ó thaobh an gheilleagair de. Tá siad ag cur leis an fhadhb agus beidh siad ag cur léi amach anseo.

Sa deireadh thiar thall, seachas bheith ag déileáil leis an fhadhb agus fáil réidh leis na fiacha atá againn ina leith siúd a bhfuil bannaí sinsearacha acu, táimid ag glacadh leis na fiacha leo mar fhiacha náisiúnta. Níor chóir go dtarlódh sé sin ariamh, mar is rud iomlán difriúil na fiacha sin. Ba chóir don Aire é sin a thuiscint agus déanamh mar a dúradh leis ag go leor eacnamaithe agus ag daoine ar na binsí seo. Ba chóir na creidiúnaithe sinsearacha sin a dhó. Dá mbeadh sé sin déanta aige le bliain anuas bheadh an geilleagair i staid i bhfad níos fearr agus bheimis in ann déileáil leis na cinnithe atá sa chuid seo den reachtaíocht.

Táimid ag déileáil sa chuid seo den reachtaíocht le Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, mar is ceist mhór í ó thaobh an gheilleagair de agus leis an tslí a mbeidh an tAire ag caitheamh leis an chiste amach anseo. Sin ceist mhór. Cuireadh le chéile an chiste chun brabús a dhéanamh chun déanamh cinnte de go n-íocfar an pinsean náisiúnta agus go mbeadh pinsinéaraí slán sábhailte. Leis an tslí atá an tAire ag caitheamh léi, tá an chiste á cur isteach i bpoll dubh, agus ní thiocfaidh an t-airgead sin as arís. Iad siúd atá ar phinsean a mbeidh thíos leis amach anseo. Ní tharlóidh seo i mbliana nó sa bhliain seo chugainn ach amach anseo. Tá mé cinnte go mbeidh siad thíos leis.

Táimid ag déileáil le geallghlacadóirí. Is daoine iad a chuir geall ar rud. Cosúil le duine a chuireann geall ar chapall, ba chóir dóibh glacadh leis go mbeidís ciontach as pé geall a cuireadh. Má theipeann ar gheall, teipeann air. Má eiríonn leis, fair dues. Sa chás seo, níor éirigh leis an gheall agus ba chóir duinn "Slán libh; táimidne slán agus táimid chun déileáil lenár bhfadhbanna féin" a rá leis na geallglacadóirí sin. Ní sin an cinneadh atá déanta sa reachtaíocht seo. Tá an tAire ag iarraidh tacú leo siúd a bhíonn ag glacadh geallta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.