Dáil debates

Thursday, 9 December 2010

Social Welfare Bill 2010: Committee and Remaining Stages

 

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Déanfaidh mé iarracht gan déileáil leis an rud ar fad. Sa chuid seo den Bhille, táimid ag déileáil le ciorruithe ar íocaíochtaí ar réimse mór fada. Do na daoine siúd ag a bhfuil post agus maoin, ní dhéanfaidh sé an méid sin difríochta go mbeidís thíos €8 sa tseachtain ach sa chás seo is figiúr substaintiúil é don chuid is mó de na daoine atá ag braith ar íocaíochta leasa shóisialta. Dá réir sin, tá mé ag cur ina choinne mar táimid ag déileáil leo siúd atá ag braith ar jobseekers benefit, illness benefit, health and safety benefit, injury benefit, disablement gratuity, carer's benefit, the State pension, invalidity pension agus roinnt eile cosúil le disablement pension agus a leithéid. Seo iad na daoine is boichte inár sochaí, seo iad na daoine a ba chóir don Stát cosaint a thabhairt dóibh sa chéad dul síos, ach tá an Stát ag casadh orthu nuair atá siad in ísle brí agus ag baint an tseans atá acu a mhaireachtáil le caighdeán ar bith. Tá an Stát anois ag baint an chaighdeáin sin uathu.

Tá breall ar an Aire agus ba bhreá liom go mbeadh díospóireacht againn faoin achoimre a chuir muid os comhair an Rialtais sular chuir sé an buiséad le chéile, ina léirigh muid carbh as a dtiocfadh an t-airgead, ca háit a bheadh todhchaí na tíre seo, agus todhchaí i bhfad níos fearr a bheadh ann faoi Shinn Féin ná mar a bheadh faoin Rialtas seo agus na cinntí atá glactha aige go dtí seo. In ainneoin an meid a dúirt an tAire, that Sinn Féin might destroy the capacity to obtain loans to run the country, in light of its actions in recent years Fianna Fáil has already done a lot more than anyone else could possibly do to destroy this country's capacity to do anything.

Mar rogha nó mar alternatives, tá airgead sa tír agus is ait tar éis an bhuiséid seo go mbeidh breis airgid ag na milliúnaithe atá féinfhostaithe sa tír seo. Beidh siad ag baint tairbhe de €22,000 in aghaidh na bliana as an bhuiséad seo. Sin scannalach, na daoine is saibhre sa tír, ní amháin nach bhfuil siad buailte i gceart ó thaobh an bhuiséid de, beidh siad ag déanamh brabúis as. Sin an sórt scannail atá ag teacht chun cinn ar an lá céanna go bhfuil €40 milliún á thabhairt do lucht AIB de thairbhe go ndearna siad praiseach den bhanc sin. Sin an scéal atá ag dul amach, an rud a chloiseann na daoine atá ag braith ar leasa shóisialta.

Níl mise ag tacú leis an alt seo den Bhille. Mar a dúirt mé, tá rogha ann. Mar shampla, tá leath-thrilliún d'airgead i bpinsin phríobháideacha sa tír seo. Dá mbeadh levy de 1% ar an méid sin, bheadh €5 billiún faighte. Níor fhéach an Rialtas air sin, níor fhéach éinne air go dtí seo, fiú mo pháirtí féin, ach sin cruthú go bhfuil maoin ann.

This is proof that there is wealth in our country. A 1% levy on the €500 billion that is invested in private pensions here would raise €5 billion. No party - including that which I represent - has considered this matter. It must be examined because when one is in dire straits, one should seek alternatives. The cuts relating to jobseeker's benefit and the various other benefits are being introduced as a matter of political choice. There are alternatives and there is a way out of the hole in which we currently find ourselves. However, the way to which I refer is not that proposed by the Government in the form of this Bill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.