Dáil debates
Tuesday, 30 November 2010
Introduction of New Member
4:00 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Ba mhaith liom fáilte mór a chur roimh an Teachta Ó Dochartaigh. Mar aon leis an Taoiseach, is cuimhin liom go maith teacht isteach anseo i ndiadh fothoghchán blianta fada ó shin. Is cinnte gur lá bródúil é an lá inniu do Róisín agus do mháthair an Teachta nua, Gráinne. Mar duine a bhfuil gaol agam leis an Dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas, aontaím gur fíor go bhfuil an fáilte seo tuillte ag an Teachta. Tá súil agam go néireoidh go maith leis as ucht a chuid oibre a dhéanamh mar Theachta Dála ar son muintir Dáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas. Mar a dúirt an Taoiseach, tá olltoghchán ag teacht go luath.
No comments