Dáil debates

Wednesday, 24 November 2010

Social Welfare (Miscellaneous Provisions) (No. 2) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Is trua go bhfuil an t-am chomh gearr mar bhí sé i gceist agam píosa maith cainte a dhéanamh ar an Bhille seo. Tá loighic leis an méid atá sa Bhille seo agus níl mé chun cur ina choinne. Is trua gur thóg sé an oiread sin ama ar na cinntí atá sa Bhille seo teacht chun cinn, ach go háirithe an loighic leis na seirbhísí comhphobail a bhíodh faoi FÁS a aistriú chuig a Roinn, ionnas go mbeadh leanúnachas ó thús agus daoine ag déanamh iarrachta dul ar ais ag obair agus na tacaíochtaí uilig a bhíonn ag teastáil uathu ar fáil. Tá sin an-mhaith.

Is trua go bhfuil daoine laistigh d'Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre atá ag rá gur cóir FÁS a dhúnadh ina iomláine. Níl aon loighic leis sin mar tá gá le heagraíocht éigin ann a dhéanfaidh an obair chéanna agus a rinne FÁS ó thaobh apprenticeships agus a leithéid. Gan sin ní bheadh aon bhunús le pleanáil don todhchaí. D'oibrigh foireann FÁS go han-mhaith in ainneoin fadhbanna móra ó thaobh airgid de atá léirithe le tamall anuas. Sa chuid is mó den obair a rinne FÁS, bhain an Stát tairbhe as. Is trua gur bhain tíortha eile tairbhe eile as nuair a d'imigh daoine ar imirce, gur chuir muid daoine thar lear leis na scileanna is fearr ar domhan.

Ceist eile lena raibh an Teachta Costello ag déileáil ná an rent supplement. Tá an ceart aige ó thaobh an t-airgead a íoc go díreach leis an tiarna talúin. Níl mise ag tabhairt tacaíochta ar bith do thiarnaí talún ach sa deireadh thiar thall, cothaítear fadhbanna nuair a íoctar an t-airgead leis an tionónta. Má tá sé le híoc go díreach isteach i gcúntas bainc an thiarna talún, tá níos mó smachta ag an Stát. Déanfaimid déileáil leis seo nuair a bheimid ar Chéim an Choiste.

Ardaíodh an cheist an é seo an t-am ceart chun €25 milliúin a chaitheamh ar chártaí aitheantais do leasa shóisialta. Tá an ceart ag an Aire go mbeimid ag déileáil le haon chaimiléireacht sa chóras leasa shóisialta, tá sé thar am go mbeimis tar éis déileáil leis seo i gceart, ach go minic caitear amach an figiúr mór millteach go bhfuil caimiléireacht nó fraud i gceist ann agus ní fíor sin. Go minic, i bhfolach san fhigiúr sin tá thar-íocaíochtaí, overpayments, i gceist chomh maith. Tá sé tábhachtach go ndéanfar déileáil leis sin.

Cá seasann an tAire leis an méid a dúirt an Teachta Mary O'Rourke nuair a labhair sí faoin phinsean a chosaint agus, mar a dúirt sise, young people can do a nixer. Sin ag admháil gur chóir go mbrisfeadh daoine an dlí. B'fhiú labhairt léi le rá nach sin atá á rá ag an pháirtí.

Tá a lán ceisteanna agus beimid ag déileáil le gach uile rud a fograíodh inniu. Beidh impact acu ar an méid atá sa Bhille seo agus tuigim go raibh deifir ar an Aire an Bille seo a fhoilsiú. Is trua nár fhoilsigh sé go luath cinn an Bhille. Gabhaim buíochas leis as an ofráil go mbeadh duine ón Roinn ag tabhairt comhairle dom ar an Bhille. Ní raibh mé thart chun an chomhairle sin a ghlacadh ach tuigim cad atá sa Bhille anois toisc gur foilsíodh é ach is trua go ndearnadh faoi deifir é mar bheimis in ann déileáil leis i bhfad níos fearr agus níos cuimsithe.

Tugaim tacaíocht don Bhille agus tá súil agam déileáil leis ar Chéim ar Choiste. [IRISH]

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.