Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do gach éinne a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Chun an fhírinne a rá, is annamh a mbíonn díospóireacht den tsaghas seo againn. Is cuma cé a bheidh sa suíochán seo - tá súil agam go mbeidh seans aige nó aici, agus ag gach éinne eile sa Teach, an straitéis agus ceisteanna na Gaeilge a phlé go minic mar ghnáthpháirt d'obair na Tithe. Is é seo an chéad uair a bhfuil straitéis don Ghaeilge ullmhaithe againn. Tá mise agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas lán-dáiríre ina thaobh. Tuigim go bhfuil formhór na mBaill lán-dáiríre faoi freisin. Ní theastaíonn uaim, nó éinne eile, cur isteach ar aon ghné den tuairisc nó na moltaí atá inti. Tógfaidh mé an chéad chéim eile i gceann cúpla seachtain, nuair a chuirfidh mé an straitéis roimh an Rialtas. Beidh sé foilsithe go luath ina dhiaidh sin. Níos tábhachtaí fós, tosóimid é a chur i bhfeidhm go luath sa bhliain nua.

D'ardaigh Teachtaí áirithe roinnt rudaí tábhachtacha. Níl sé ar intinn ag an Rialtas aon athrú a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le múineadh na teanga. Beidh ar daltaí an Ghaeilge a staidéar agus scrúdaithe a dhéanamh suas go dtí leibhéal na hardteistiméireachta - is é sin an polasaí i leith an Ghaeilge éigeantach. Tá neart fianaise chun an meon a léirigh an Teachta O'Dowd agus Teachtaí eile a dhiúltú. Beidh seans againn é sin a phlé uair éigin eile. Tá súil agam go mbeidh seans agam reachtaíocht nua a thabhairt isteach i lár na bliana seo chugainn, nó b'fhéidir níos luaithe má aontaíonn an Teach, chun cúraimí a thabhairt d'údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. D'fhéadfainn tuilleadh eolais a thabhairt mar fhreagra ar an Teachta de Búrca, a d'ardaigh an méid atá á dhéanamh ag na hinstitiúidí chun ardscileanna a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidís in ann déileáil leis an dualgas atá orainn an Ghaeilge a chothú mar theanga labhartha agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí uile. Is léir go bhfuilimid ag fulaingt trí ghéarchéim eacnamaíoch faoi láthair. In am an ghátair, is fiú breathnú ar na hacmhainní atá againn mar phobal chun cuidiú linn teacht tríd an anachain. Aontaím leis an Teachta Ó hUigínn gurb í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn mar phobal. Tá an teanga ar cheann de na nithe a dhéanann idirdhealú idir pobal na hÉireann agus aon phobal eile ar domhan ó thaobh féiniúlacht cultúrtha de. Ná bíodh sé le rá ag sliocht ár sleachta gur chinn pobal na hÉireann dá ndeoin féin a dteanga dhúchais a thréigean. Tá an Ghaeilge tagtha slán in ainneoin na gcéadta bliain de chogaí agus ghortaí sa tír seo. Is fúinne atá sé mar shochaí a chinntiú go mairfidh an teanga tríd an ngéarchéim eacnamaíoch seo. Is í aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid na teanga a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimnithe. Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór dá saoránaigh líofacht Béarla - an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta - a bheith acu. Tá an Rialtas ag iarraidh a chinntiú go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca céanna.

Ar ndóigh, is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Is cúis imní don Rialtas an baol ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus saineolaithe teanga ag tuar nach bhfuil ach idir 15 bliana agus 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach gníomhú láithreach bonn sa chaoi is gur féidir leis an Státchóras obair as lámha a chéile le pobal na Gaeltachta chun an teanga a shlánú sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is faoi phobal na Gaeltachta atá sé freisin beart a dhéanamh de réir a mbriathra ar mhaithe leis an teanga a chaomhnú. Mar a dúirt go leor Teachtaí, léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil sciar suntasach den daonra lasmuigh den Ghaeltacht báúil don Ghaeilge. Is gá teacht i dtír ar an dea-mhéin sin agus spéis an phobail i gcoitinne inár dteanga dhúchais a spreagadh. Chomh fada is a bhaineann sé leis an gcóras oideachais, tá gníomhartha fiúntacha tógtha ag an Aire Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Creidim gur féidir tógáil ar na céimeanna sin trí chur i bhfeidhm na straitéise.

Le comhoibriú idir an Stát agus an pobal, tá súil agam go mbeidh borradh suntasach ar staid na teanga nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse na straitéise i gceann 20 bliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.