Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe a thug deis dom cúpla nóiméad a chaitheamh ag plé leis an ábhar tábhachtach seo. Mar a dúirt an Teachta O'Shea, táimid i bhfábhar na moltaí. Agus é sin ráite, tá sé tábhachtach go bhfuilimid dáiríre mar gheall orthu. I mo thuairim, d'fhulaing an Ghaeilge mar nach raibh daoine dáiríre faoi straitéisí agus tuarascálacha a foilsíodh roimhe seo.

Tá mé mar Ball den Teach seo le 25 bliain anuas. Cé go bhfáiltím roimh an duine atá in Áiléar na n-Iriseoirí faoi láthair, is léir go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar spéis na meáin i gcúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta. Is féidir leis an Áiléar folmhú i cúpla soicind nuair a thosnaíonn Teachta ag labhairt Gaeilge. Tá feachtas fiachmhar frith-Ghaeilge agus frith-Ghaelach sna sceacha i gcónaí. Dúirt duine éigin nár éirigh leis an sean-straitéis, a bhí out of date. Sílim gurb é an rud sean agus díchéillí ná an meon atá acu siúd a cheapann go chuireann líofacht sa Ghaeilge, nó aon teanga eile, constaic dá laghad ar ár n-eolas faoi chúrsaí éagsúla. Léiríonn a leithéid de tuairim aineolach an dearcadh atá acu siúd a ghlacann páirt sa bhfeachtas frith-Ghaeilge. Cén fáth nach bhfuil rud dearfach á dhéanamh acu siúd atá buartha faoin éiginnteacht a luaitear i leith an Ghaeilge?

Tá sé ráite go bhféadfaí an ábhar Gaeilge a roinnt i dhá leath, agus béim a chur in ábhar amháin ar úsáid agus líofacht na Gaeilge agus san ábhar eile ar litríocht na Gaeilge. Is moladh dearfach é sin. Ní aontaím leo siúd a deireann go gcuireann caiteachas ar an nGaeilge, an teanga féin nó aon rud Gaelach constaic dá laghad ar aon rud nua-aoiseach i saol na hÉireann. Is cuimhin liom go soiléir go raibh an meon sin ann nuair a bhí mé ag iarraidh Teilifís na Gaeilge a bhunú, nó Raidió na Gaeltachta a leathnú. Má ghlactar leis go bhfuil tábhacht ag baint lenár n-aitheantas, ár samhlaíocht, ár stair agus ár litríocht, tá an Ghailge lárnach sa chomhthéacs sin.

Ag an bpointe seo, tá sé tábhachtach go bhfuil sraitheanna nua de dhaoine ag teacht as na gaelscoileanna. Thóg a lán daoine eile an dara seans a thugadh dóibh i leith na Gaeilge nuair a rinneadh forbairt ar Teilifís na Gaeilge agus Raidió na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach na daoine sin a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus an eolas atá acu a chur i gcrích. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos mó in úsáid i ghnáthchomhráití san áit seo agus i díospóireachtaí sa Teach seo agus sa Seanad. Má tá mé chun labhairt faoi thábhacht na fírinne, caithfidh mé an fhírinne a rá. Cé go bhfuil go leor Baill an Oireachtais in ann an Ghaeilge a labhairt, tá laghdú tagtha ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo, sa Teach eile agus sna coistí.

Cé go bhfuil Teachtaí ar gach taobh den Teach i bhfábhar na moltaí atá déanta, ní bheadh sé ar leas na teanga dúinn a cheapadh go bhfuil aon rud bainte amach againn go dtí go gcuirfí na moltaí sin i gcrích. Ba cheart go mbeadh eagraisí sa Ghaeltacht chun seans a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh iarracht leis an scolaíocht Gaeilge. Ba chóir an t-údarás a threisiú agus a leathnú, in ionad an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta a chur ina áit. Tá mé buíoch go raibh seans agam cúpla focal a rá ar an ábhar tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.