Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Cuirim féin chomh maith i gcoinne na molta atá ann i Riar na hOibre, ní ar an bhonn chéanna leis an Teachta romham ach ar an bhonn gur ráitis atá i gceist seachas rún. Rith an comhchoiste rún agus d'fhoilsigh sé tuarascáil maidir leis an straitéis seo agus ba chóir go mbeadh rún os comhair na Dála ag tacú nó ag cur i gcoinne na tuarascála sin. Ní fiú tráithnín na ráitis, tarlaíonn siad go rialta anseo; uair sa bhliain, tráth Lá Fhéile Pádraig, bíonn ráitis agus ní dhéantar faic dá réir. Ar a laghad, má tá rún os ár gcomhair, beimid ag impí ar an Rialtas rud éigin a dhéanamh de réir thuarascáil an chomhchoiste. Sin an fáth go bhfuil mé ag cur i gcoinne na molta seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.