Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

11:00 am

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Baineann an moladh le ráitis faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne na molta seo mar gheall ar na fáthanna a leanas. Ní raibh an ceart ag an Cheann Comhairle faoin vóta. Tá na Buan Orduithe agam anseo agus tá sé scríofa go soiléir iontu go gceadóidh an Ceann Comhairle ráiteas gairid ó ionadaí de chuid gach páirtí san Fhreasúra agus ón Taoiseach sula gcuireann sé an cheist faoi sin, agus baineann sin leis an Tánaiste nuair atá sise i mbun ar Riar na hOibre. Níor iarr an Ceann Comhairle ar an Tánaiste freagra a thabhairt do na hionadaithe ón Fhreasúra nuair a labhair muid faoin ábhar seo agus ní raibh an ceart aige sin a dhéanamh. Ba cheart dó sin a adhmháil don Teach láithreach.

Táimid ag cur i gcoinne na molta seo freisin mar go dtuigim, agus aontaím leis seo, gur cheart go mbeadh ráitis againn ar an ábhar tábhachtach seo, straitéis na Gaeilge, ach tá ábhar i bhfad níos práinní ná sin gur cheart dúinn bheith ag déileáil leis sa Teach inniu: an ghéarchéim eacnamaíochta agus airgeadais atá againn sa tír agus, ar ndóigh, an náire idirnáisiúnta atá an Rialtas uafásach seo ag tarraingt aníos ar an tír leis an droch-chaoi atá sé ag láimhseáil an ábhair sin. Go háirithe, tá gá ann go ndéanfaidh an Rialtas ráiteas faoi leith le míniú a thabhairt don Teach faoin ráiteas soiléir a thug Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann dúinn ar maidin agus an méid a bhí le rá aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.