Dáil debates

Wednesday, 29 September 2010

Credit Institution (Eligible Liabilities Guarantee) (Amendment) Scheme 2010: Motion

 

8:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)

Tugaim tacaíocht do rún an Aire agus an Rialtais anocht. Táimid ag vótáil chun ráthaíocht ELG a choimeád i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana. Tá muinín agam as an Aire, as an Taoiseach agus as an Rialtas. Is sóé do pháirtithe an Fhreasúra dul i gcoinne an rúin.

Tabharfaidh an rún cosaint do choigilteoirí na tíre seo, cosaint dóibh siúd a chuireann infheistíocht sa tír agus tabharfaidh sé cosaint do chóras bainc na tíre, córas nach bhfuil ag obair go han-mhaith faoi láthair ach a thitfeadh as a chéile mura n-éireodh leis an rún seo. Sin an smaoineamh atá i mo mheabhar agus mé ag tacú leis an rún. Ba chóir go mbeadh an smaoineamh céanna ag páirtithe an fhreasúra freisin in ionad dul i gcoinne an rúin.

Tá ráthaíocht Mheán Fomhair 2008 ag dul in éag anocht — ar dheis Dé go raibh a hanam — agus tá sééasca bheith ag machnamh ar na cinntí a rinneadh ansin; tá sé i bhfad níos deacra obair le chéile i dtreo fheabhsúchán na tíre.

Tá mise ag vótáil ar son shlándáil na tíre agus a saoránach. Tá mé féin agus an Rialtas ag rá le hinfheisteoirí idirnáisiúnta go bhfuililimd ag iarraidh infheistíochta, go mbhfuilimid réidh léi agus go bhfuilimid in ann ár bhfadhbanna féin a shárú sinn féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.