Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

9:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Caithfidh mé an tuarascáil a fháil fós agus, ansin, caithfear í a phlé.

Gabhaim buíochas do na Teachtaí as páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Dúradh a lán rudaí faoin dréachtstraitéis. Sin an chuid is fearr den scéal atá a insint againn agus tá sé práinneach go gcuirfear sin i bhfeidhm chomh tapaidh agus is féidir.

Luaigh an Teachta McGinley gníomhaíochtaí an údaráis agus Largo Foods. Cheadaigh an Rialtas don údarás infheistíocht fhiúntach a thabhairt don chuideachta seo coicís ó shin agus tá 40 post le cruthú de thoradh air sin. Tá tograí maithe eile le teacht freisin agus tá súil agam go mbeidh fógraí eile á ndéanamh go luath. Luaigh an Teachta freisin cúrsaí foirne. Tuigeann an Teach go gcaithfidh eagrais feidhmiú de réir na dtreoirlínte atá i bhfeidhm ag an Rialtas agus tá srianta áirithe i bhfeidhm faoi láthair, cé go gcloisim an méid atá le rá aige.

D'iarr an Teachta O'Shea sainmhíniú a thabhairt ar an mBille. Fuair mé comhairle ón Ard Aighne go bhfuil na hAchtanna 1979 agus 1999 le léamh in éineacht a chéile. Luadh na hAchtanna sin ar leathanach 5 den Bhille. Tá moltaí an-shuimiúla ag an Teachta. Ba mhaith liom iad a phlé leis amach anseo. Rinne mé dearmad rud amháin a rá. Táimid go léir buíoch don Aire, an Teachta Ó Cuív. Rinne sé sár-obair ar son na Gaeilge nuair a bhí sé sa Roinn seo. Ní aontaím nach raibh aon rud a dhéanamh ag an Rialtas seo ar feadh blianta fada. Tá a lán déanta. Má thaistilíonn éinne timpeall na Gaeltachtaí, beidh sé soiléir go bhfuil sár-obair a dhéanamh againn. Tá leathnú agus treisiú tagtha ar an nGaeilge sna gaelscoileanna, mar shampla. Tá fadhbanna ann, ceart go leor, ach tá mórán déanta. Gabhaim buíochas le gach éinne a ghlac páirt sa díospóireacht. Rinne mé dearmad trácht a dhéanamh ar an leasú atá le moladh ag an Teachta Ó Snodaigh, ach is féidir linn é a phlé ar Chéim an Choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.