Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

9:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tréaslaím leis an Teachta Feighan mar gheall ar an phost nua atá aige. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sé sár-jab agus tá súil agam go mbeimid in ann comhoibriú le chéile.

Níl an Rialtas ag iarraidh teitheadh ón gcóras daonlathach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann reachtaíocht chuimsitheach nua a thabhairt isteach sa Teach i bhfad níos luaithe ná Deireadh Fómhair 2012. Táimid ag brath go leanófar leis an chomhoibriú atá ann faoi láthair go mbeidh mé in ann an straitéis a thabhairt os comhair an Rialtais chomh tapaidh agus is féidir. Aontaím leis an Teachta O'Shea, bheadh sé an-aisiúil go mbeadh díospóireacht chuimsitheach a bheith againn ar an chéad lá de gach bliain Dála go mbeadh seans againn féachaint siar agus spriocanna a leagan síos don bhliain atá le teacht. Níl an tuarascáil agam fós. Tabharfar don chomhchoiste an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh sin í agus ní féidir mórán a rá go dtí go bhfeicim í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.