Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

8:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Tááthas orm an deis seo a thapú chun an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010 a thabhairt faoi bhráid Dháil Éireann inniu. Is Bille an-ghairid é seo a bhfuil sé de chuspóir aige an tréimhse ama incheadaithe is faide idir toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadúó chuig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Tá glactha leis an mBille seo ag gach céim i Seanad Éireann cheana féin.

Eascraíonn an leasú seo as cinneadh atá déanta ag an Rialtas na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a chur siar ar feadh tréimhse áirithe. De réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an t-údarás i láthair na huaire, ní mór na toghcháin a reáchtáil taobh istigh de thréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana go leith ó dháta na dtoghchán deiridh. Reáchtáladh toghcháin deiridh an údaráis ar 2 Aibreán 2005 agus ba chóir, dá bhrí sin, na chéad toghcháin eile a reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2010. Níl aon fhoráil sa reachtaíocht chun na toghcháin a chur siar.

I láthair na huaire, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta sa todhchaíá meas i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an dréachtstraitéis á scrúdú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Nuair a bheidh a chuid oibre curtha i gcrích ag an gcomhchoiste – agus tuigtear dom go bhfuil sé beagnach curtha i gcrích - cuirfear an dréachtstraitéis ar ais faoi mo bhráid. Déanfar moltaíéagsúla an chomhchoiste a bhriethniú go cúramach sula gcuirfear faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin iad. Mar a thuigfidh an Teach, ní féidir liom amscála cruinn a thabhairt don phróiseas seo, ach tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta ina leith sa chéad chúpla mí eile amach romhainn.

Mar a rinne mé sa Seanad coicís ó shin, ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas a chur in iúl do bhaill an chomhchoiste as an méid oibre atáá déanamh acu ar an dréachtstraitéis. Is mór agam go bhfuilimid, mar Bhaill den Oireachtas, ag déileáil leis an dréachtstraitéis ar bhonn tras-pháirtí. Léiríonn an cur chuige seo go soiléir nach mbaineann ár dteanga náisiúnta le haon dream nó páirtí ar leith ach gur gné an-tábhachtach í dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht choitianta. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú tairbheach seo chun toradh fónta a bhaint amach ar mhaithe le leas na teanga agus leas phobal na tire araon.

Ag eascairt ó mholtaíéagsúla atá sa dréachtstraitéis i dtaobh Údarás na Gaeltachta, meastar go mbeidh gá le leasú níos cuimsithí a dhéanamh ar reachtaíocht an údaráis a thógfaidh tréimhse áirithe ama lena chur i gcrích. Tá gach cosúlacht ann go mbeidh reachtaíocht le tionscnamh chomh maith le teorainneacha nua a shainiú do na limistéir Ghaeltachta. Sa chomhthéacs seo tá sé inmholta agus cuí dáta na dtoghchán a chur siar chun deis a thabhairt an próiseas seo a chríochnú.

Go hachomair, is é an leasú atá molta sa Bhille seo ná alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Le hachtú an Bhille seo, is é 30 Meán Fómhair 2012 an dáta deiridh i gcomhair toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil.

Agus an Bille seo á thionscnamh agam, is fiú tagairt a dhéanamh don chomhthéacs ghinearálta ina bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi láthair. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 agus tá séá mhaoiniú ag an Rialtas ó shin i leith chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá sé mar mhóraidhm ag an Údarás an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Chun a chuid aidhmeanna a chur i gcrích tacaíonn an t-údarás le réimse de scéimeanna tairgiúla fostaíochta a dhíríonn ar leas a bhaint as acmhainníáitiúla, ar scileanna agus ar chumais fhiontraíochta a fhorbairt, ar infheistíocht shoghluaiste a mhealladh agus ar an fhorbairt phobail a threisiú. Tacaíonn an t-údarás freisin le réimse leathan de thionscnaimh theanga, chultúrtha agus oideachais.

Tá 20 comhalta ar bhord an údaráis, 17 acu tofa go daonlathach ag toghthóirí na Gaeltachta agus triúr eile, an cathaoirleach san áireamh, a cheapann an tAire. Tá foireann de thart ar 100 duine fostaithe ag an údarás, a bhfuil gréasáin d'oifigí réigiúnacha aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla chun a chuid dualgas reachtúla a chur i bhfeidhm. Ag deireadh na bliana 2009, bhí os cionn 8,000 duine fostaithe i gcliant-chuideachtaí a fuair tacaíocht óÚdarás na Gaeltachta. Léiríonn an t-athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta atá déanta mar chuid den Annual Business Survey of Economic Impact don tréimhse 2000 go 2008 gur baineadh torthaí mar seo a leanas amach d'eacnamaíocht na Gaeltactha trí ghníómhaíochtaí forbartha tionscail an údaráis: sa bhliain 2008, bhí díolacháin de luach €834 ag cliaint-chuideachtaí an údaráís a ghlac páirt sa suirbhé; bhí 6,500 duine fostaithe sna comhlachtaí seo; b'fhiú€400 milliún onnmhairithe na gcuideachtaí seo in 2008. Tháinig méadú mór ar an líon daoine a bhí ag obair san earnáil taighde agus forbairt idir 2005 agus 2008. Faoin mbliain 2008, bhí 300 fostaithe ag comhlachtaí san earnáil seo.

Is eagras forbartha réigiúnach é an t-údarás a bhfuil ról tábhachtach á chomhlíonadh aige maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Cuimsíonn an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Údarás na Gaeltachta na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979 go 1999. Is fiú dhá cheann díobh sin a lua ach go háirithe, An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 a mheádaigh an tréimhse idir thoghcháin ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí agus a léiríonn an fasach atá ann don chur chuige atá i gceist leis an mBille seo, agus An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999 a chuir athruithe substaintiúla i bhfeidhm ar struchtúr Údarás na Gaeltachta tríd an líon comhaltaí a mhéadúó 13 go 20.

Tá sé tráthúil ag an phointe seo léargas a thabhairt ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ainneoin na gcéadta bliain d'aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge á labhairt go fóill mar theanga bheo pobail i roinnt áiteanna a d'fhan ina nGaeltacht. Chomh maith leis seo, tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge go laethiúil. Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le 100 bliain anuas sa chaoi is gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Tá sé mar aidhmeanna polasaí ag an Rialtais úsáid na Gaeilge a mhéadú mar theanga an phobail ar bhonn céimniúil agus a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá na spriocanna seo a leanas ábharthach don bpolasaí seo: cur leis an méid teaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga cumarsáide laethúil; tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge; cinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh rogha teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus cinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn mar theanga labhartha ag saoránaigh mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.

Treisíonn an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail, tá fíorthábhacht léi, ní amháin chun féiniúlacht mhuintir na hÉireann a chur in iúl ach mar chuid shainiúil den oidhreacht chultúrtha dhomhanda.

Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar an gcineál smaointeoireachta atá sa dréachtstraitéís maidir le hÚdarás na Gaeltachta chun go dtuigfear na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith i gceist don eagraíocht sa todhchaí. Ní miste dom a threisiú arís go mbeidh na hathruithe a dhéanfar ag brath ar mholtaí an chomhchoiste agus faomhadh an Rialtais a bheith faighte. Maidir leis an bpríomhghníomhaireacht feidhmithe a bheidh freagrach as an straitéis a sheachadadh, tá sé molta go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta go gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta, Údarás na Gaeilge, a mbeidh freagrachtaí air maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, chomh maith le cuid mhaith de na feidhmeanna atá aige faoi láthair a choinneáil. Beidh reachtaíocht le réiteach chun an eagraíocht nua a chur ar bhonn reachtúil. Bíodh is go leanfadh feidhmiú beartas agus pleananna áirithe Gaeltachta mar fhreagracht ar mo Roinn, d'fhéadfadh sí, áfach, feidhmeanna a tharmligean mar is cuí chuig Údarás na Gaeilge.

Ní miste a lua freisin go leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge. Áireofar orthu sin tabhairt faoi thionscadail thacúla agus deontais a thabhairt do chuideachtaí agus do ghrúpaí le tacú leis an teanga mar is cuí, forbairt a dhéanamh ar théarmaíochtaí agus ar fhoclóirí, tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge ar an oileán agus éascú agus spreagadh a dhéanamh tríd is tríd ar úsáid na teanga sa saol poiblí agus sa saol príobháideach. Agus é ag comhlíonadh a dhualgais go hiomlán, ba mhaith liom a threisiú go bhfuil sé i gceist go bhfanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán, Thuaidh agus Theas.

Ina ráiteas i leith na Gaeilge 2006, dhearbhaigh an Rialtas a bheartas maidir leis an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear Gaeilge agus daingníodh tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa ráiteas:tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh agus, chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge; tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge; agus leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobh beartas teanga sa Ghaeltacht ná tacaíocht a thabhairt do ghlúnta tuismitheoiríóga Gaeltachta amach anseo agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an staidéar ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an méid cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus cur leis an líon sin. Sa chomhthéacs seo, aithníonn an dréachtstraitéis go mbeidh gá le córas éifeachtach pleanála teanga ag leibhéal an phobail agus samhlaítear go mbeidh ról tábhachtach ag Údarás na Gaeilge i mbeachtú agus i bhfeidhmiú an chórais sin.

Tá sé molta sa dréachtstraitéis go mbeadh sé cuí go ndéanfaí cineál nua 'Gaeltacht gréasáin' a aithint. Tabharfaidh an chatagóir nua sin deis do spriocthionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil bhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúraim leanaí trí Ghaeilge, Gaelscoileanna, oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilge agus seirbhísí eile a bheidh ann. Bainfidh critéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sin le dearcaí poiblí, cumas teanga, soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtionscnaimh Ghaeilge. Tabharfaidh mo Roinnse agus Údarás na Gaeilge tacaíocht do na pleananna teanga sin.

Is fiú tagairt a dhéanamh freisin do chuid de na cúraimí a shamhlaítear a bheidh ag Údarás na Gaeilge chun gníomhaíochtaí eacnamaíochta Gaeilge-lárnaithe a spreagadh ar bhonn náisiúnta. Tá i gceist go mbunófaí sraith tionscnamh le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nóáitiúil. Bheadh an cur chuige le cur i bhfeidhm, mar shampla, trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar teanga atá in ann na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don AE i réimsí mar aistriú, ateangaireacht, múineadh teangacha, foilsiúchán, comhchomhairle teanga, bainistiú tionscadal. D'áireofaí ar na bearta tacaíocht do ghnólachtaí ag tosú amach, seirbhísí meantóireachta, forbairt táirgí, comhairle faoi mhargú agus chur chun cinn, agus seirbhísí forbartha bainistíochta.

Dhéanfadh Údarás na Gaeilge éascú freisin do chruthu chumann tráchtála don Ghaeltacht agus do ghnóthaí eile trí Ghaeilge. Dhéanfadh an cumann seo tuiscint a chothú i measc an phobail gnó faoin nasc atá idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear, mar shampla, an nasc idir leas eacnamaíochta limistéir Ghaeltachta agus stádas na teanga iontu sin, chomh maith le gné na teanga ó thaobh rathúlacht comhlachtaí aonair a bhaineann úsáid éifeachtach as an nGaeilge. Is léir ón méid seo mar sin féin go bhféadfadh athruithe substaintiúla ar struchtúr agus ar chúraimíÚdarás na Gaeltachta a bheith i gceist.

Tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an dréachtstraitéis á scrúdú ag an chomhchoiste Oireachtais faoi láthair. Tuigim go mbeidh sí le cur faoi mo bhráid go luath. Fáiltím roimhe sin agus gabhaim buíochas arís as an obair dhíograiseach agus fhiúntach atá curtha i gcrích ag an gcomhchoiste.. Ach an dréachtstraitéis a bheith faofa ag an Rialtas, cuirfear tús le próiseas chun leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Údarás na Gaeltachta chun moltaíéagsúla na straitéise i dtaca leis an údarás a chur i gcrích.

Sa chomhthéacs seo, measaim go bhfuil sé inmholta agus cuí gan toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil faoi láthair chun deis a thabhairt an próiseas atá sonraithe thuas a chur i gcrich. Go hachomair, is é an leasú atáthar ag moladh sa Bhille atá os comhair an Tí inniu ná alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir toghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Molaim an Bille seo don Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.