Dáil debates

Thursday, 17 June 2010

Interim Economic Partnership Agreements: Motion

 

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag plé an rúin seo atá ag déileáil le conarthaí idir an Aontas Eorpach agus trí dhream de thíortha san Aifric, an chéad cheann leis an South African Development Community, sin Botswana, Lesotho, Mozambique, Namibia agus Swaziland, an dara ceann an East African Community, Burundi, Kenya, Rwanda, Tanzania agus Uganda, agus an tríú ceann an grúpa Common Market for Eastern and Southern African States, Comoros, Madagascar, Mauritius, na Seychelles, Zambia agus Zimbabwe ina measc.

Ar ndóigh, is tíortha bochta iad a lán acu agus ar ndóigh chomh maith is cóir dúinn atá sa domhan forbartha tréan-iarracht a dhéanamh bheith cinnte go bhfuil tacaíocht á tabhairt againn dóibh agus go bhfuil an fhorbairt atá i ndán do na tíortha sin ar leasa an phobail i gcoitinne. Tá mé buartha nuair a fhéachaim ar a leithéad de chonarthaí mar atá leagtha amach os ár gcomhair inniu nach ar son leasa an ghnáth-phobail sna tíortha sin atá siad ach ar son leasa an Aontais Eorpaigh.

Is tíortha bochta iad agus ar ndóigh, mar a dúirt mé, is gá dúinn déanamh cinnte má táimid ag cur conarthaí le chéile go bhfuil cosaintí iontu dóibh siúd a bhfuilimid ag déanamh na gconarthaí ar a son sa dóigh is nach mbuailfear iad le torthaí na gconarthaí sin. Ní gá dom ach ceann de na conarthaí eile a lua idir an Aontas agus Israel. Tá cosaintí sa preferential trade agreement sin ar líomhaintí i leith cearta daonna ach ní chuirtear i bhfeidhm iad. Caithfimid déanamh cinnte má tá cosaintí in aon cheann de na conarthaí seo go gcuirfear i bhfeidhm iad nuair a ghlacfaidh an tAontas Eorpach leo.

Is cóir i gcónaí agus sinn ag déileáil le tíortha na hAifrice smaoineamh don chuid is mó gur tíortha as an Aontas a bhí i gceannas ar na tíortha seo nuair a bhí coilíneachtaí iontu agus nuair a bhí an t-impiriúlachas i réim san Aifric. Bím buartha i gcónaí faoi na daoine a bhíonn ag cur an agenda seo chun cinn, gur as tíortha iad a chaill na coilíneachtaí sin. Caithfimid bheith cúramach nach bhfuilimid ag cur conarthaí i bhfeidhm a mbainfidh tíortha an Aontais leas astu.

Tá daoine eile tar éis ceisteanna móra a ardú ó thaobh an liobrálachais seo. Tá dainséir mhóra ann do thíortha beaga atá ag forbairt má tá an eacnamaíocht atá acu oscailte go hiomlán don domhan iomlán, a new world order, an economic order atá ann faoi láthair. Cad tá i ndán d'fheirmeoirí beaga nó do chuideachtaí beaga nó do dhaoine atá dífhostaithe? Cad atá in ann dos na seirbhísí poiblí? An mbeidh siad oscailte go hiomlán do chomhlachtaí osnáisiúnta? An mbeidh deireadh curtha leis na postanna atá ann faoi láthair nó an dtógfar dreamanna eile isteach chun na postanna sin a ghlacadh? Caithfear a bheith cinnte nach bhfuilimid ag cothú ceanntracha beaga, ó thaobh forbartha de, seachas an réigiún ina iomlán a fhorbairt. Tá dáinséirí anseo. Is trua nach bhfuil díospóireacht níos leithne á dhéanamh i bpairlimintí eile an Aontais Eorpaigh, ach is maith an rud é go bhfuilimidne ag déanamh na díospóireachta seo.

Ní raibh mé in ann freastal ar chruinniú an choiste inné. B'ait liom gur plédh an cheist seo ag Roghchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus nár plédh í ag an roghchoiste a dhéanann deighleáil leis an Aontas Eorpach chomh maith. Be chóir na rúin seo a gcur os comhair cupla coiste seachas ag coiste amháin, chun go mbeimís ar fad in ann deighleáil leo.

Níl mé chun cur i gcoinne na tairisceana seo, toisc nach bhfuil am agam inniu deighleáil go huile is go hiomlán leis an gceist thábhachtach seo. Mar sin féin, ba chóir níos mó plé agus machnaimh a dhéanamh ar gach céim chun tosaigh a déanfar amach as seo. Comhaontú eatramhacha is ea é agus nuair a thiocfaimid ar ais chuige ba chóir go ndéanfar an cheist a scrúdú sul a thagann an rún faoi bhráid an Tí. Tá súil agam go mbeidh na coistí in ann deighleáil le gach dul chun cinn a déanfar amach as seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.