Dáil debates

Tuesday, 27 April 2010

12:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

An tseachtain seo caite bhí mé ag iarraidh faoi reachtaíocht atá in iomaíocht don gradam reachtaíochta fadtéarmach, 'sé sin, an Bille leasú Údarás na Gaeltachta agus 'sé an freagra a fuair mé ach go mbeadh an tAire i dteangmháil liom. An ceist a bhí agam ná go bhfuil an reachtaíocht seo, Údarás na Gaeltachta (feidhmeanna agus cumhachtaí) ar an liosta C, ach tá sé imithe ón gcéad liosta. Ag an am chéana tá deacracht ann maidir le rud a luaigh mé. Luaigh mé an cás faoi An Ceathrú Rua agus an chead ag Údarás na Gaeltachta agus an saindune atá bainte le cultúr agus mar sin de, ach ní raibh aon teangmháil liom ón seachtain seo caite. An féidir liom an cheist a chur díreach ar an Taoiseach: an mbeidh reachtaíocht ann chun leasú a dhéanamh má tá sé ag taisteál ar Údarás na Gaeltachta, agus cathain a mbeidh an reachtaíocht fáilte agus seans againn í a phlé anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.