Dáil debates
Tuesday, 9 March 2010
Death of Former Member: Expressions of Sympathy
3:00 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Tar éis éisteacht leis na focail atá ráite ag an Teachta Gilmore agus ag an Taoiseach faoi bhás Thomáis Mhic Ghiolla, iar-Theachta Dála, a bhí anseo le níos mó na deich mbliain, ba mhaith liom féin fáilte a chur roimh a bhean chéile, May, agus a chlann agus a chairde atá ar fad atá anseo sa Dáil inniu.
Tá an fhírinne ráite ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nuair a dúirt sé go gcaithfaí eolas a bheith ag duine faoi Thomás Mac Giolla agus an phearsantacht a bhí aige sula mbeadh a fhios aige cad go díreach a bheadh ina intinn. Ní amháin go raibh sé dírithe ar chúrsaí polaitíochta ach ar chúrsaí mhuintir a dháilcheantair go mór mór. Go minic agus mé ag labhairt Gaeilge leis, dúirt sé liom go gcaithfeadh duine éisteacht le muintir na ndáilcheantar go mbeadh a fhios cad é a bheadh ag cur isteach orthu agus céard í an imní a bheadh orthu ionas go mbeadh a fhios ag duine céard b'fhéidir leis a dhéanamh faoi sin.
Aontaím freisin leis an méid atá ráite ó thaobh na léachta a chur sé amach i 1972 i gContae Thír Eoghain, nuair a dúirt sé nárbh fhéidir le páirtí nó Rialtas ar bith Protastúnaigh an Thuaiscirt a bhrú isteach in Éirinn aontaithe le fórsa. Mheabhraigh sé go mór ar an ráiteas sin.
Mar Theachta Dála, bhí sé anseo le deich mbliain anuas agus bhí sé ina uachtarán ar a pháirtí le fada an lá. D'fhreastal sé freisin mar Ard-Mhéara i bpríomhchathair na hÉireann.
Is cuimhin liom go maith agus mé ag caint leis cúpla lá sular tháinig an t-Uachtarán Reagan anseo. Dúirt sé nach mbeadh sé ag fanacht i seomra na Dála agus chuile duine eile thart faoin tír ag iarraidh teacht isteach le bheith páirteach sa searmanas agus sa léacht a bhí le tabhairt ag an Uachtarán Reagan. Sheas Tomás Mac Giolla suas agus dúirt sé an méid a bhí ar a intinn agus d'imigh séón seomra.
Ba mhaith liom, mar Theachta a bhí ag freastal anseo le Tomás, mo chomhbhrón agus comhbhrón mo pháirtí a dhéanamh le May, bean Thomáis, agus a rá cé go raibh difríocht mhór idir an fealsúnacht pholaitiúil a bhí aige agus atá agam féin agus ag mo pháirtí, bhí fonn mór agam d'fhear a bhí níos sine ó thaobh polaitíochta de ná mé féin. Thart ar na hallaí anseo san Oireachtas, bhínn ag caint Gaeilge leis go minic. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm an díograis a bhí aige ó thaobh dheachreachtaí an dáilcheantair, Baile Átha Cliath Thiar, a bhí le réiteach.
Tá súil agam gur le Rí na bhFlaitheas atá sé inniu. Tá fáilte mór roimh gach aon duine anseo chuig seomra na Dála inniu.
No comments