Dáil debates

Thursday, 18 February 2010

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Beidh. Tá €50,000 ar fáil ar aon chaoi. Ar ndóigh, caithfidh an socrú nua bheith níos fearr ná sin le teacht in áit roimh an dáta sin. Tá mé cinnte gur mhaith le pobal na nDéise go mbeadh socrú fadtéarmach in áit agus fios acu cá seasann siad go fadtéarmach. Déanfar cinnte de go bhfuil cúram ceart déanta dos na nDéise. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-mheas agam ar phobal na nDéise. Is beag Gaeilge a bhí fágtha sa cheantar sa bhliain 1926. Tá éacht déanta acu chun an Ghaeilge a choinneáil beo. Tá iarrachtaí an-dáiríre á dhéanamh ag an bpobal áitiúil, go mórmhór na daoine óga, ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leis an Teachta bheith cinnte go dtabharfar aitheantas do sin sna socruit

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.